Rudolf Thurneysen

teangeolaí Eilvéiseach

Ba theangeolaí Eilvéiseach agus scoláire i réimse an Léinn Cheiltigh freisin é Eduard Rudolf Thurneysen (14 Márta 18579 Lúnasa 1940).

Rudolf Thurneysen
Saol
Eolas breitheBasel, 14 Márta 1857
NáisiúntachtAn Eilvéis
BásBonn, 9 Lúnasa 1940
Muintir
Teaghlach
liosta iomláin
Oideachas
Alma materOllscoil Leipzig
Gairm
Gairmteangeolaí agus múinteoir ollscoile
FostóiríOllscoil Freiburg
Ollscoil Jena
Ollscoil Bonn
Duaiseanna
BallraíochtAcadamh Eolaíochtaí agus Daonnachtaí Heidelberg
Acadamh Ríoga na Prúise um Eolaíocht
Acadamh Eolaíochtaí agus Daonnachtaí Heidelberg
Acadamh Eolaíochtaí agus Daonnachtaí na Baváire
Medieval Academy of America (en) Aistrigh

Saolaíodh é i mBasel san Eilvéis agus rinne Thurneysen staidéar ar an bhfocleolaíocht chlasaiceach i mBasel, i Leipzig, i mBeirlín, agus i bPáras. I measc a chuid múinteoirí bhí Ernst Windisch agus Heinrich Zimmer.[1] Bronnadh promotion (ionann is dochtúireacht) air sa bhliain 1879 agus bronnadh habilitation (céim níos airde ná dochtúireacht) sa Laidin agus sna teangacha Ceilteacha air i 1882 ag Ollscoil Jena.

Theagasc sé Laidin ag Ollscoil Jena ó 1885 go dtí 1887. Ina dhiaidh sin, ghlac sé le hOllúnacht na focleolaíochta comparáidí ag Ollscoil Fhreiburg-im-Breisgau[1] mar chomharba ar Karl Brugmann, saineolaí mórchlúiteach ar an teangeolaíocht Ind-Eorpach.

Foilsíodh a mhórshaothar Handbuch des Alt-Irischen sa bhliain 1909. D’fhorleathnaigh agus d’aistrigh D. A. Binchy agus Osborn Bergin go Béarla é leis an teideal A Grammar of Old Irish. Tá an leabhar i gcló go fóill chomh deireanach le 2006.[1] Bhog Thurneysen go dtí Ollscoil Bhonn i 1930. Is sa tréimhse seo a bhí cáil air mar an saineolaí Shean-Ghaeilge ab fhearr ina ré.

D’éirigh sé as a phost sa bhliain 1923 agus fuair sé bás i mBonn in 1940. Tugtar Léacht Cuhimhneacháin Rudolf Thurnseysen (Gearmáinis: Vortrag in Memoriam Rudolf Thurneysen) i mBonn mar chomhartha na hurraime dó.

TagairtíCuir in Eagar

LeabharliostaCuir in Eagar

  • A grammar of Old Irish (aistrithe ag D. A. Binchy agus Osborn Bergin), Dublin Institute for Advanced Studies, reprinted 2003. ISBN 1-85500-161-6
  • Old Irish reader (aistrithe ag D. A. Binchy agus Osborn Bergin), Dublin Institute for Advanced Studies, reprinted 1981. ISBN 0-901282-32-4
  • Scéla mucce Meic Dathó, Dublin Institute for Advanced Studies, reprinted 2004. ISBN 1-85500-022-9

Naisc SheachtrachaCuir in Eagar