Dream agus ríocht na nÉrann ab ea an Chorca Bhaiscinn (Sean-Ghaeilge Corcu Baiscind), lonnaithe i ndeisceart Chontae an Chláir i gCúige Mumhan an lae inniu. Ar deireadh, slogadh an Chorca Bhaiscinn isteach i Ríocht Tuamhan faoi cheannas an Dáil Chais.

Sinsearacht cuir in eagar

De shliocht Chairbre Bhaschainn mac Chonaire Chaoimh, Ard-Rí na hÉireann atá siad. Bhí dlúthghaol eatarthu agus an Múscraí agus an Chorca Dhuibhne, as Mumhain araon, chomh maith leis an Dál Riada as cúige Uladh, iad uile de chuid an tSíl Chonaire seanscéalach. Sinfear níos faide amach ab ea an rí seanscéalach Conaire Mór mac Eidirscéil Mhóir mhic Íair mhic Dedad mhic Shin.

Clanna cuir in eagar

I measc na gclann 'sacu, tá chlann were Uí Bhaiscinn, Mhic Dhiarmada agus Uí Dhomhnaill.[1] Tar éis dóibh an cheantar a chloí, d'éirigh an chlann Mhic Mhathúna den Dál gCais ina dTiarna an Chorca Bhaiscinn.

Tagairtí sna hannála cuir in eagar

# Meán-Ghaeilge Nua-Ghaeilge
717 Troideadh cath idir na Connachta agus an Chorca Bhaiscinn, inár maraíodh mac Talamhnaigh.

Féach Annála Inis Faithlinn dá leanas:

# Meán-Ghaeilge Nua-Ghaeilge
I723.2 Mors Aithechdai mc. Thalamnaich, ríg Corcu Bascind. Mors (bás) Aitheacha mhic Thalamhnaigh, rí Chorca Bhaiscinn.
I725.1 Mors Flaind mc. Aithechdai, rí Corc Bascind. Mors Flainn mhic Aitheacha, rí Chorca Bhaiscinn.
I774.4 Mors ... Rechtabra, ri Corcu Bascind. Mors ... Reachtabhra, rí Chorca Bhaiscinn.
I788.4 Mors Tórpda m. Aithechtha, rig Corcu Bascind. Mors Tórpa mhic Aitheacha, rí Chorca Bhaiscinn.
I812 Congbáil Dísirt Diarmata m. Aeda Roin, rí Corcu Bascind. Congbháil Dísirt Diarmada mhic Aodha Róin, rí Chorca Bhaiscinn.
I853.3 Mors Tálamnaig m. Aeda, ríg Corcu Bascinn. Mors Tálamhnaigh mhic Aodha, rí Chorca Bhaiscinn.
I864.1 Mors Cermata meic Cathrannaich, rig Corcu Bascind. Mors Cearmada mhic Cathrannaigh, rí Chorca Bhaiscinn.
I898.1 Mors Flaind meicc Cathrannaich, rí Corcu Bascind. Mors Flainn mhic Cathrannaigh, rí Chorca Bhaiscinn.
I920.2 Guin Murchada m. Flaind, rí Corcu Bascind. Goin Murchú mhic Flainn, rí Chorca Bhaiscinn.
I992.4 Bás Dunadaig mc. Diarmata, ríg Corcu Bascind. Bás Dúnadaighhiv Diarmada, rí Chorca Bhaiscinn.
I1014.2 Is íar sain doratsat[2] Gaill Atha Clíath cath do Brian corro marbad Brian mc. Cennetich ... im Domnall mc. n-Diarmata, ri Corcu Bascind, ... Thug Gaill Átha Cliath cath do Bhrian agus maraíodh Brian mac Cinnéidigh le ... Domhnall mac Diarmada, rí Chorca Bhaiscinn. ...
I1029.7 Bás m. Cathgussa, ríg Corcu Bascind. Bás mhic Cathghasa, rí Chorca Bhaiscinn.
I1030.8 Long Lorcain h-Ui Briain do badud & .iii. rigdamnai Corcu Bascind. Bádh Long Lorcáin Uí Bhriain, agus trí rídhamhna Corca Bhascinn
I1049.3 Assíd mc. Domnaill, rí Corcu Bascind, do marbad. Maraíodh Aisíd mac Domhnaill, rí Chorca Bhaiscinn.
I1054.3 Tri meicc Donnchada m. Briain do brith mórchreche i Corc Mdruad eter bú & brait.[3] Triúr mac Donnchadha mhic Bhriain a rug mórcheacha i gCorca Mrua, idir bhá agus éadálacha.
I1055.3 Dochor luirg do immirt for Murchad h-Ua m-Briain h-i Corcu Mdruad coro lá Tairdelbach ár mór for Murchad, coro marbait and da ríg Corcu Bascind, .i. h-ua Bascind & mc. Assída m. Domnaill, & araile sóerchlanna archena. D'imríodh dochar ar Mhurchadh Ó Briain i gCorca Mrua, agus rinne Tairealbhach ár mór ar Mhurchadh, agus maraíodh ann beirt ríthe an Chorca Bhaiscinn, .i., garmhac Baiscinn agus mac Aisídh mhic Dhomhnaill, le saorclanna (uaislí) eile freisin.

Foinsí cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Tuadmumu, The Kingdom of Thomond le Dennis Walsh
  2. do-beir ar eDIL
  3. brat, slad, argain, ar eDIL