Is éard atá sa Síol Chonaire (Sean-Ghaeilge Síl Conairi) ná na Clanna Dedad úd de shliocht Chonaire Mhóir,[1] agus iad sin ná an Dál Riada, an Múscraí, an Chorca Dhuibhne, agus an Chorca Bhaiscinn.[2]

Ríocht na hAlban cuir in eagar

Is amhlaidh gur lonnaigh an Dál Riada in oirthuaisceart chúige Uladh, agus chuaigh siad ar aghaidh chun Ríocht na hAlban a bhunú. Glaodh "síol Chonaire" ar rítheaghlach na hAlban, Ríshliocht Dùn Chailleann, chomh déanach is an 12ú haois.[3] Trí an ríshliocht úd agus Conaire Mór, is sinsear Teaghlach Ríoga na Breataine é Deda mac Sin. Ba é Alexander III of Scotland (bás 19ú Márta 1286) an rí deireanach sa sinsear díreach ar thaobh athar de Shíl Chonaire.

Cruithnigh cuir in eagar

Tugadh faoi ndeara le fada ag scoláire gur lonnaigh na Gaeil go luath in Albain. Tá beirt luath-ríthe na gCruithneach ann a mheastar gur de shliocht an Dáil Riada iad, mar atá Bridei IV na gCruithneach agus a dheartháir Nechtan mac Der-Ilei. D'fhéadfadh é go raibh ról lárnach acu i dtuilleadh(?) Gaelaithe Tír na gCruithneach.

Mumha cuir in eagar

Lonnaigh Síol Chonaire eile i gcúige Mumhain, áit a bheadh siad ar dtús faoi scáth a ngaol, na Dáirine, agus níos deireanaí faoi cheannas na nEoghanacht. Is amhlaidh, ámh, gurbh áisitheoirí suntasacha iad, na Múscraí ach go háirithe, ar son na nEoghanacht, agus is amhlaidh go raibh sin in aghaidh na nDáirine.[4] Cheaptaí go raibh a rí ar chomh stádas a bheag nó a mhór leis na dtrí nó ceithre ríthe regional faoi ardcheannas Caiseal.[5]

Rí déanach agus gan coinne na Mumhan de shliocht an Mhúscraí ab ea Flaithbertach mac Inmainén (bás 944).[6]

Sa deireadh, slogadh an Chorca Bhaiscinn isteach i Ríocht Tuamhan, faoi cheannas rítheaghlach Uí Bhriain.

Seanscéalta cuir in eagar

Insítear scéal breith, beatha agus bás Chonaire Mhóir sa seanscéal Togail Bruidne Dá Derga. Tá dhá scéal ann, gaolta ar éigin ach níos tábhachtaí de réir ginealeolaithe, agus iad ná De Síl Chonairi Móir[7] agus De Maccaib Conaire.[8] Sa scéalta seo, measctar é lena sliocht, Conaire Caomh, athair Na dTrí Cairbre, mar atá: Coirpre Músc, a quo an Múscraí agus an Chorca Dhuibhne; Coirpre Baschaín, a quo an Chorca Bhaiscinn; agus Coirpre Rígfhota (Riada), a quo an Dál Riada.

Ogham cuir in eagar

Tá clú ag an gCorca Dhuibhne as ucht a n-inscríbhinní Oghaim. Faightear aon thrian a bheag nó a mhór desna hinscríbhinní atá ar marthain ar fud a dtailte.[9]

Mairnéalaigh cuir in eagar

Bhaineadh an Chorca Dhuibhne agus an Chorca Bhaiscinn clú amach mar mhairnéalaigh iomráiteacha.

Féach freisin cuir in eagar

Foinsí cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Dobbs 1917, lch. 9
  2. Byrne, lch. 63
  3. Chadwick, lch. 121
  4. féach Byrne, ll. 45, 181
  5. Charles-Edwards, ll. 542 ff
  6. Byrne, ll. 204, 214
  7. Lucius Gwynn, "De Sil Chonairi Móir", in Ériu 6 (1912), ll. 130-43.
  8. Lucius Gwynn, "De Maccaib Conaire", in Ériu 6 (1912), ll. 144-53.
  9. MacNeill 1909, lch. 334