Uí Fhiachrach Aidhne

Ríocht na gConnacht ba ea Uí Fhiachrach Aidhne, suite in oirdheisceart Chontae na Gaillimhe.

Luath-dhreamanna agus ríochtaí i nÉirinn, c. 800

TíreolaíochtCuir in Eagar

Suite in oirdheisceart Contae na Gaillimhe, b'ionann críocha Aidhne agus deoise Cill Mhic Dhuach an lae inniu. Ar a taobh thiar, bhí Loch Lurgan (Cuan na Gaillimhe) agus Boirinn. Ó dheas, is ionann an teorainn agus Contae an Chláir an lae inniu. Ar a taobh thoir tá Sliabh Eachtaí idir Uí Fhiachrach Aidhne agus Uí Maine.

San oirthuaisceart, tá Maigh Uí Mhaine agus ó thuaidh Maigh Mucraimhe (thart ar Baile Átha an Rí). San iarthuaisceart, bhí paróiste Meáraí, chuid de chríocha Uí Bhriúin Seola.

Tá ann i ndeoise Cill Mhic Dhuach na paróistí Cinn Mhara, Cill Eithne, Cill Fhionnbharra, Droim Mucú, Cill Cholgáin, Ard Raithin, An Sráidbhaile, Cill Fhínín, Cill Fhaoile, Cill Órtha, Cill Ó gCillín, Cill Chríost, Díseart Ceallaigh, Cill Fhíonáin, Cill Tómais, Cill Bheaganta, An Bheitheach agus Cill Tartan.

Bunús agus stairCuir in Eagar

Deirtear gur lonnaigh na Fir Bholg i nAidhne. Deir Dubhaltach Mac Firbhisigh ina mhór-shaothar Leabhar na nGinealach go raibh Tuath mhic nÚmhóir i gceannas Chonaill Chaoil mhic Aonghasa mhic Úmhóir. Maraíodh Conall ag Cath Maigh Mucruimhe sa bhliain 195, agus tógadh a chorp ar ais chuig Aidhne, áit a adhlacadh i leacht darb ainm Carn Chonaill.

Sa ré luathstairiúil, tháinig géag Uí Fhiachrach lonnaithe ar Mhaigh Aidhne chun cinn, agus in am trátha ainmníodh an ceantar astu, Uí Fhiachrach Aidhne. Faoin 8ú haois, ámh, bhí cumhacht a ríthe tite i léig, anois faoi ghéillsine ríthe na gConnacht. Le teacht na Normannach, tháinig an tuath faoi smacht Clanricarde.

PríomhchlannaCuir in Eagar

Ba iad príomhchlanna Uí Fhiachrach Aidhne ná: Uí Chathail, Uí Chléirigh, Uí Eidhin, Uí Sheachnasaigh, agus Mhic Giolla Cheallaigh.

Uí ChathailCuir in Eagar

Díbríodh Uí Chathail as a gceantar dúchais de bharr coimhlinte ríoraíche. As sin amach, ní raibh iontu ach do cheann gan chumhacht pholaitiúil.

Uí ChléirighCuir in Eagar

Bhíodh Uí Chléirigh ina ríthe an cheantair roimh Uí Eidhin, ach díbríodh iad an éigin tar éis teacht na Normannach chuig Connacht. Faoi phatrúnacht Uí Dhomhnaill na nUladh, d'éirigh Uí Chléirigh ina clann léannta mór le rá san Eoraip.

Uí SheachnasaighCuir in Eagar

Bhíodh Uí Seachnasaigh lonnaithe, go dtí déanach sa 17ú haois, sa tuath Uí Fiachrach Aidne darbh ainm Cenél Áeda na hEchtge. Bhíodh ann ná paróistí An Bheitheach, Cill Mhic Duach agus Cill Tartan, agus codamma de Cill Bheaganta agus Cill Tómais.

Sna 1690í, coigistíodh tailte Chaptaen Roger O'Shaughnessy de bharr na tacaíochta a thug sé dosna Seacaibítigh in éadan Liam d'Orange. Ghabh Sir Thomas Prendergast seilbh ar na tailte. Lean cogadh dlí go dtí lár na 18ú haoise idir Uí Sheachnasaigh agus clann Prendergast, ach sa deireadh, chaill Uí Seachnasaigh an cás losing the case.

Ní fios go cruinn cathain a tharla meath deiridh a sinsear, ach meastar sna 1780í.

Ó hEidhinCuir in Eagar

Díbríodh an chlann chuig Cuan na Gaillimhe agus bhí ansin Caisleán Dún Ghuaire an príomhionad acu. Luaitear iad i nannála Éireann:

  • AIF 1057.3: Mac Flaithbertaich h-Ui Edin, rí h-Ua Fiachrach, do marbad.
  • ACM 1578.10
O h-Eidhin Ruaidhri an Doire mac Floinn, mic Concobhair, mic Floinn do écc, fer co m-buaidh n-einigh & n-engnamha ó thuisdin[1] gó a thogairm, mac a dhearbhrathar d'oirdneadh ina ionadh
Ó hEidhin Ruairí an Doire mac Floinn, mic Conchúir, mic Floinn d'éag, fear le bua oinigh[2] eangnamha[3] ó thús of his career until his death, mac a dhearthár a oirníodh ina ionad. .i. Eoghan Manntach mac Eamhainn.

Daoine suntasacha:

Mhic Giolla CheallaighCuir in Eagar

Bhíodh Mhic Giolla Cheallaigh i seilbh Cinéal Ghuaire, áit a bhfuil inniu an paróiste Baile an Doirín inniu. Chaill siad a gcuid tailte sna coigistithe Cromwell i lár na 17ú haoise.

Ríthe seanscéalacha AidhneCuir in Eagar

le déanamh

Ríthe na gConnachtCuir in Eagar

Is iad a leanas fir Uí Fhiachrach Aidhne a rinneadh Ríthe na gConnacht díobh:[4]

Ríthe Uí Fhiachrach AidhneCuir in Eagar

Féach Ríthe Uí Fhiachrach Aidhne

Tagairtí annálCuir in Eagar

Cormac h. Cillin do Uib fFiacrach Aidhne comorba Ciaráin & Comain & comurba Tuama Gréne, et as aige do ronadh tempul mor Tuama Grene et a claigtec, sapiens et senex et episcopus quieuit in Christo.
Cormac Ó Cillín d'Uí Fhiachrach Aidhne, chomharba Chiaráin agus Comáin agus comharba Tuama Gréine, as aige a tógadh teampall mór Tuama Gréine agus a chlogtheach...
  • ACM 1025.13: Ua Comhaltáin Uí Chléirigh, tigherna Ua Fiachrach Aidhne, d'écc.
  • ACM 1033.9: Maidhm etir Ele & Ui Fiachrach Aidhne, i t-torchair Braen Ua Clérigh, & Muiredhach mac Giolla Pattraicc co sochaidhibh oile.
  • ACM 1047.14: h-Ua h-Eidhin tigherna Ua Fiachrach Aidhne, d'ecc.
  • ACM 1048.8: Maol Fabhail Ua h-Eidhin, tigherna Ua Fiachrach Aidhne, d'ecc.
  • ACM 1055.11: Domhnall Ruadh ua Briain do mharbhadh do h-Ua Eidhin do tighearna Ua Fiachrach Aidhne.
  • ACM 1100.10: Giolla na Naomh Ua h-Eidhin, tigherna Iarthair Connacht, d' écc, & a adhnacal h-i c-Cluain Mic Nóis.
  • ACM 1125.8: Dá mhac Aineislis Ui Eidhin do mharbhad d'Ua Flaithbertaigh i fioll (feall) oc Bun Gaillmhi.
  • ACM 1126.4: Conchobhar Ua Cléirigh fear leighinn Cille Dara, d'écc.
  • ACM 1147.13: Giolla Mo Choindi Ua Cathail, tigherna Ua f-Fiachrach Aidhne, do mharbhadh do mhac mic Domhnaill Ui Chonchobhair.
  • ACM 1153.13: ...ro marbhadh sochaídhe do Chonnachtaibh leó im Ghiolla Cheallaigh Ua n-Eidhin, tigherna Aidhne, & immo mac .i. Aodh sa chath mór le rá ag Fordruim
  • ACM 1159.13: Maraíodh Geal Bhuidhe Ua Seachnasaigh i gCath Atá Fhir Dhiaidh in Oirialla.
  • 1166.16
Sluaighedh lá Tighernan Ua Ruairc co b-Feraibh Breifne, go b-Feraibh Midhe, go n-Gallaibh Atha Cliath, & co Laighnibh i n-Uibh Ceinnsealaigh, & ro h-ionnarbadh leo Diarmaid Mac Murchadha dar muir & ro múradh a caistiall h-í Fearna. Ríoghthar leó Murchadh mac Mec Murchadha dar cend secht m-braghat décc do thabhairt do Ruaidhri Ua Conchobhair co Tír Fiachrach Aidhne.
Slua i gceannas Tiarnáin Uí Ruairc le fir Bhréifne, fir na Mí, gaill Átha Cliath agus Laighnigh, i nUí Chinnsealaigh, agus ionnarbadh/ruaigeadh Diarmaid Mac Murchadha thar mhuir agus múradh/leagadh a chaisleán ag Fearna. Rinneadh rí de Mhurchadh ó Murchadha, a thug seacht mbrá/ngiall déag do Ruaidhri Ó Conchúir, chuig Tír Fhiachrach Aidhne.
  • ACM 1179.12: Maoileachlainn Riabhach O Seachnasaigh ticchearna Leithe Chenel Aodha do marbhadh la mac Donnchaidh Í Chathail.
  • ACM 1180.7: Muirghes Ua h-Edhin tigherna Ua bh-Fiachrach Aidhne do mharbhadh la feraibh Mumhan.
  • 1187.4:
Carracc Locha Cé do losccadh do thene doait. Ro baidhedh & ro loisceadh inghen Ui Eidhin (.i. Duibheasa) ben Choncobair Mic Diarmata (tigherna Maighe Luircc) go seacht c-cédaibh (no cethracha ar chéd), nó ní as uille eittir fheraibh & mnaibh fri ré n-aon uaire innte.
Carraig Loch Cé do loisceadh de thintreach. Bádh agus loisceadh iníon Uí Eidhin (.i. Duibheasa) bean Chonchúir Mhic Dhiarmada (tiarna Maighe Loirg), le seacht gcéad (nó seven score), nó níos mó, idir fhir agus mhná i gcaitheamh aon uair amháin.
  • ACM 1191.1: Ruaidhri Ua Concobhair do fhaccbháil Connacht ... tuccsat Siol Muiredhaigh ferann dó, .i. Tir Fiachrach, & Cenel Aodha na h-Echtge.
  • ACM 1201.7: Conchobhar mac Muirghesa Uí Edhin d'écc.
  • ACM 1203.1: An t-epscop mac Giolla Cheallaigh Í Ruaidhin epscop Cille Mic Duach do ecc.
  • 1203.? Murtough the Teffian, son of Conor Moinmoy, who was the son of Roderic O'Conor, was slain by Dermot, the son of Roderic, and Hugh, the son of Roderic, namely, by his own two paternal uncles, on the green of Kilmacduagh.
  • ACM 1211.7: Cu Gaela Ua h-Eidhin do ecc.
  • ACM 1212.5: Donnchadh Ua h-Eidhin do dhalladh la h-Aodh mac Cathail Croibhdeirg gan ced d'Ua Concobhair.
  • ACM 1214.1: An t-epscop Ó Ceallaigh .i. eapscop Ó f-Fiachrach do ecc.
  • ACM 1216.2: Giolla Arnáin Ua Martain ollamh Erenn i m-breitemhnus do écc.
  • ACM 1222.6: Giolla Mo Choinni Ua Cathail tighearna Cheneoil Aodha thoir & thiar do marbhadh la Sechnasach mac Giolla na Naomh Uí Sechnasaigh iar n-a bhrath da mhuintir fén.
  • ACM 1223.4: Seachnusach mac Giolla na Naomh Uí Sheachnusaigh do mharbhadh do Chloinn Chiuléin, & sárucchadh (sárú) na Bachla Mhoire Cholmáin Cille mic Duach uime.
  • ACM 1224.11: Giolla na Naomh Crom Ó Seachnusaigh tighearna lethe iartharaighe Cenél Aodha na h-Echtgi d'écc.
  • 1225. Eoghan Ó hEidhin
  • ACM 1232.1
Fachtna Ua h-Allgaith comhorba Droma Mucadha, & oificel Ua f-Fiacrach fer tighe aoidhedh, leighinn, & lubhra, & lesaighthe truagh do écc.
Fachna Ó hAllgaith comharba Droim Mhuchadha agus 'oificel' Uí Fhiachrach Aidhne, fear tí aoidhedh, léinn, lobhra agus léasaithe truán, d'éag.
  • 1235. Eoghan Ó hEidhin
  • 1236. Eoghan Ó hEidhin
  • ACM 1240.5: Aodh mac Giolla na Naomh Cruimm Uí Seachnusaigh do mharbhadh lá Concobhar mac Aodha mic Cathail Croibhdeirg, & lá Fiachra Ua Floinn.
  • ACM 1248.3: Opichin Guer do mharbhadh do Giolla Mo Choinne Ua Cathail.
  • ACM 1251.4: Giollu Mo Coinne mac Giolla Mo Coinne Uí Cathail do mharbhadh la Concobhor mac Aedha mic Cathail Croibhdheirg.
  • ACM 1253.6: Eoghan Ua h-Edhin ticcherna Ua f-Fiachrach do écc.
  • ACM 1263.5: Maol Fabhaill Ua h-Edhin do marbhadh lá Gallaibh.
  • ACM 1326.4: Niocol Ó h-Edhin d'ecc.
  • ACM 1340.10: Eoghan Ua h-Edhin tighearna Ua f-Fiachrach Aidhne do mharbhadh la a braithrib féin.
  • ACM 1408.11: Sean Cam Ó Sechnasaigh do marbhadh la Mac Uí Lochlainn ar sugradh ar faithche Cluana Ramfhotta.
  • ACM 1434.12: Diarmait mac Muirceartaigh Gairbh Uí Sechnasaigh do mharbhadh dia eoch fein ag cor crú fuirre (ag cur crú air).
  • ACM 1578.10
O h-Eidhin Ruaidhri an Doire mac Floinn, mic Concobhair, mic Floinn do écc, fer co m-buaidh n-einigh & n-engnamha ó thuisdin[5] gó a thogairm, mac a dhearbhrathar d'oirdneadh ina ionadh
Ó hEidhin Ruairí an Doire mac Floinn, mic Conchúir, mic Floinn d'éag, fear le bua oinigh[6] eangnamha[7] ó thús of his career until his death, mac a dhearthár a oirníodh ina ionad. .i. Eoghan Manntach mac Eamhainn.

Féach freisinCuir in Eagar

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar

FoinsíCuir in Eagar

  • Paul MacCotter, Medieval Ireland: Territorial, Political and Economic Divisions, Four Courts Press, 2008, ll. 133–134. ISBN 978-1-84682-098-4
  • James Patrick Hynes, The Hynes of Ireland, Appin Press, Countyvise Publishers.
  • James Patrick Hynes, The O'Shaughnessys, Appin Press, Countyvise Publishers.

TagairtíCuir in Eagar

  1. tuistiu II, cruthú srl., ar eDIL
  2. oineach2, mórchroí srl., ar teanglann.ie FGB
  3. eangnamh, stuaim, lámhach, ar teanglann.ie FGB
  4. Francis J.Byrne, Irish Kings and High-Kings, Tábla 18, dátaí per The Chronology of the Irish Annals, Daniel P. McCarthy
  5. tuistiu II, cruthú srl., ar eDIL
  6. oineach2, mórchroí srl., ar teanglann.ie FGB
  7. eangnamh, stuaim, lámhach, ar teanglann.ie FGB


Teimpléad:Ríocht na gConnacht