Críocha Uí Fhiachrach Aidhne (Uí Fiachrach Aidni) ba ea Aidhne (Sean-Ghaeilge Aidne), túath suite i gContae na Gaillimhe. Tá deoise Chill Mhic Dhuach ar chomhtheorainn le hAidhne mar a bhí ann.[1]

Dreamanna agus ríochtaí/tuatha in Éirinn c. 800

Teorainneacha cuir in eagar

Tá críocha Aidhne teoranta mar a leanas:

Béaloideas agus stair cuir in eagar

Sa dinnseanchas, deirtear go bhfuil an ceantar ainmnithe Aidhne iníon Phartholóin agus a chéad mhná chéile, Topha. Bhí Aidhne pósta le Brec. Níos deireanaí, lonnaigh géag na bhFear Bolg i nAidhne.

Lonnaigh Túath mac nUmhóir i nDál gCais agus i nUí Fhiachrach Aidhne, faoi cheannas a deirtear Conall Cóel mac Aonghasa mhic Úmhóir.[2] Maraíodh Conall i gCath Maige Mucrama sa bhliain AD 195, agus adhlacadh é i nAidhne, i leacht darb ainm Carn Chonaill.

I measc dreamanna stairiúla eile i nAidhne, bhí san áireamh Ciarraí Óig Bheartha, Tadraí as Dubhros, Caonraí as Art Aidhne agus Uí Fhiachrach.[3]

Faightear i gCill Mhic Dhuach na paróistí sibhialta a leanas: Cinn Mhara, Cill Eithne, Cill Fhionnbharra, Droim Mucú, Cill Cholgáin, Ard Raithin, An Sráidbhaile (Gaillimh), Cill Fhínín, Cill Fhaoile, Cill Órtha, Cill Ó gCillín, Cill Chríost, Díseart Ceallaigh, Cill Fhíonáin, Cill Tómais, Cill Bheaganta, An Bheitheach, Cill Tartan.

Tagairtí sna hAnnála cuir in eagar

  • ACM 938.13: Aralt ua h-Iomhair, .i. mac Sitrioca, tighearna Gall Luimnigh, do mharbhadh i c-Connachtaibh lá Caenraighibh Aidhne.
  • ACM 1033.9: Maidhm etir Ele & Ui Fiachrach Aidhne, i t-torchair Braen Ua Clérigh, & Muiredhach mac Giolla Pattraicc co sochaidhibh oile.

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Connellan, Owen (1860). "The Proceedings of the Great Bardic Institution". Johnson Reprint Corporation. 
  2. Dubhaltach Mac Firbhisigh, Leabhar na nGinealach
  3. Society, Irish Archaeological (1844). "The Irish Archaeological Society".