Ciarraí Óig Bheathra

(Athsheolta ó Ciarraige Óic Bethra)

Dream ársa i gConnacht na meánaoise ba ea Ciarraí Óig Bheathra (Sean-Ghaeilge Ciarraige Óic Bethra).

Stair cuir in eagar

Ciar mac Fearghasa mhic Róigh ba ea sinsear na gclann darbh ainm 'Ciar-raí'.

Bhí Ciarraí Óig Bheathra lonnaithe i ríocht Aidhne, in oirdheisceart Contae na Gaillimhe. De réir leagain eile, níor Chiarraí iad agus gur tháinig siad as Críoch Ealla ó dhúchas - is dócha Dúiche Ealla i dtuaisceart Chorcaí. Deirtear fosta go raibh dhá dhream eile, Tradraí agus Caonraí, lonnaithe in aice leo roimh theacht chun cinn Uí Fhiachrach Aidhne.[1]

Dar le hÓ Muraíle, is fearr b'fhéidir a rá Ciarraige Óc mBethra.[2][3][4]

Bhí Ciarraí eile i gcúige Chonnacht, mar a bhí Ciarraí Aoi, Ciarraí Locha na nAirní agus Ciarraí Airtigh, a bhí tuath aontaithe acu i lár an chúige roimh theacht chun cinn Uí Bhriúin sna 8ú agus 9ú haoiseanna.

Féach freisin cuir in eagar

Foinsí cuir in eagar

  • Irish Kings and High Kings, lch. 160, 236, 247, Francis John Byrne, 3ú heagrán, Baile Átha Cliath, 2001
  • Ciarraige, lch. 166, Some Early Connacht Population Groups, Nollaig Ó Muraíle, in Seachas: Studies in Early and Medieval Irish Archaeology, History and Literature in Honour of Francis J. Byrne, eag. Alfred P. Smyth, Four Courts Press, Baile Átha Cliath, ll. 161–177, 2000. ISBN 1-85182-489-8.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Ó Muraíle
  2. Ó Muraíle
  3. Ó Raghaillaigh, Genealogical Tracts (lch. 137)
  4. John O'Donovan, Hy-Fiachrach.