Uí Sheachnasaigh
Clann Ghaelach de Chineál Aodha na hEachtaí, d'Uí Fhiachrach Aidhne na gConnacht, is ea Uí Sheachnasaigh.
Guaire Aidhne mac Colmáin (bás 663), rí Chonnacht ba ea a sinsear. Glacadh an sloinne as Seachnasach mac Donnchadha, a mhair sa 10ú haois. Faightear an sloinne fós i gContae na Gaillimhe agus i gContae Luimnigh.
Stair
cuir in eagarBhíodh Uí Seachnasaigh lonnaithe, go dtí déanach sa 17ú haois, sa tuath Uí Fiachrach Aidne darbh ainm Cenél Áeda na hEchtge. Bhíodh ann ná paróistí An Bheitheach, Cill Mhic Duach agus Cill Tartan, agus codanna de Cill Bheaganta agus Cill Tómais.
Ba iad Uí Chathail, taoisigh ó dhúchas oirthear Chlann Aodha, a ngaoil is gaire. I measc clanna eile Uí Fhiachrach Aidhne, bhí Uí Eidhin, Uí Chléirigh agus Mhic Giolla Cheallaigh. Go dtí lár na 17ú haoise, glaodh fós ina tiarnaí Uí Fhiachrach Aidhne fís ar chlann Uí Eidhin, cé go raibh Uí Seachnasaigh níos cumhachtaí.
D'éag tiarna de facto deireanach Chineál Aodha de chlann Uí Sheachnasaigh ag an nGort tar éis dó teacht abhaile ó Chath Eachroma ar an 12ú Iúil 1691.
Sna 1690í, coigistíodh tailte Chaptaen Roger O'Shaughnessy de bharr na tacaíochta a thug sé dosna Seacaibítigh in éadan Liam d'Orange. Ghabh Sir Thomas Prendergast seilbh ar na tailte. Lean cogadh dlí go dtí lár na 18ú haoise idir Uí Sheachnasaigh agus clann Prendergast, ach sa deireadh, chaill Uí Seachnasaigh an cás losing the case.
Ní fios go cruinn cathain a tharla meath deiridh a sinsear, ach meastar go luath sna 1900í.
Caisleáin
cuir in eagarI measc chaisleáin Uí Sheachnasaigh, bhí a leanas: an Gort; An Feadán; Ard Mhaolabháin; Caisleán an Bhaile Nua, Derryowen, ar theorainn Chontae an Chláir; Baile Mhaolfaidhg; agus ceann ar oileán i Loch Cútra. De réir liosta scrios sa bhliain 1574 ag an riarachán Sasanach, bhí Caisleán Islandmore (Túr Bhaile Uí Laoigh anois) i seilbh John O'Shaughnessy éigin.
Uí Sheachnasaigh shuntasacha
cuir in eagar- Andrew O'Shaughnessy (staraí), staraí
- Andrew O'Shaughnessy (iománaí) (rugadh 1984), iománaí
- Andrew O'Shaughnessy (polaiteoir) (1866–1956), polaiteoir
- Anthony O’Shaughnessy (rugadh 1992), MasterChef Sasana.
- Arthur O'Shaughnessy (1844–1881), file
- Barney O'Shaughnessy (1912–2007), cruicéadaí Astrálach
- Bob O'Shaughnessy (1921–1995), imreoir cispheile Meiriceánach
- Daniel O'Shaughnessy (rugadh 1994), peileadóir Fionlainnis
- Darren O'Shaughnessy (rugadh 1972), údar Éireannach, nom de plume Darren Shan
- Edward O'Shaughnessy (1860–1885), cruicéadaí Sasanach
- Eileen O'Shaughnessy (1905–1945), chéad bhean chéile George Orwell
- James O'Shaughnessy (rugadh 1960), údar Meiriceánach
- James O'Shaughnessy, Baron O'Shaughnessy (rugadh 1976), polaiteoir Briotanach
- Margaret Heckler (rugadh 1931, Margaret Mary O'Shaughnessy), dlíodóir agus polaiteoir Meiriceánach
- Michael O'Shaughnessy (1864–1934), innealtóir sibhialta Éireannach
- Nicholas O'Shaughnessy, ollamh, údar agus tráchtaire polaitiúil
- Patrick O'Shaughnessy (rugadh 1993), Finnish footballer
- Prince O'Shaughnessy (stage name) (rugadh 1996), iar-iomrascálaí gairmiúil
- Roger O'Shaughnessy (bás 1690), Captaen i nArm Shéamais II Shasana
- Ryan O'Shaughnessy (rugadh 1992), amhránaí is scríbhneoir Éireannach
- Tam O'Shaughnessy (rugadh 1952), údar agus oideoir Meiriceánach
- Terrence J. O'Shaughnessy, general, United States Air Force [1]
- Tony O'Shaughnessy (rugadh 1930), iománaí
- Thomas O'Shaughnessy (1850–1933), Cláraitheoir Átha Cliath
- Sir Roger O'Shaughnessy of Kinelea (bás 1569)
- William O'Shaughnessy (1673–1744), maorghinearál agus Ceann na Fine
- William Brooke O'Shaughnessy (1809–1889), tocsaineolaí, ceimiceoir agus aireagóir (teileagraf) Éireannach
- William O'Shaughnessy (rugadh 1964), ceoltóir Gael-Mheiriceánach
Féach freisin
cuir in eagar- Richard Michael Levey (1811–1899), rugadh O'Shaughnessy, d'athraigh sé a shloinne go dtí sloinne roimh phósadh a mháthar
- Uí Fiachrach Aidhne
Foinsí
cuir in eagar- John O'Donovan. The Genealogies, Tribes, and Customs of Hy-Fiachrach. Baile Átha Cliath: Irish Archaeological Society. 1844. Pedigree of O'Shaughnessy, ll. 372–91
- —, The Descendants of the Last Earls of Desmond, Ulster Journal of Archaeology, imleabhar 6, 1858.
- Robert S. Rait. The Story of an Irish Property. Oxford: The University Press. 1908. Alt III: The O'Shaughnessys, ll. 42–65
Naisc sheachtracha
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Terrence J. O'Shaughnessy, af.mil