Colmán mac Cobthaig
Rí na gConnacht de chlann Uí Fhiachrach ba ea Colmán mac Cobthaig (bás 622[1]). De réir Leabhar Bhaile an Mhóta, Goibnenn mac Conaill (beo 537), chéad rí Aidhne sna hannála, ba ea a sheanathair. Deirtear in Ginealaigh Rawlinson gurbh é Gabhrán a sheanathair.[2] An chéad duine de chlann Uí Fhiachrach Aidhne ba ea é a rinneadh rí Connacht de. Eocha deartháir Ailill Molt (bás 484) ba ea a sinsear.[3]
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 622 |
Teaghlach | |
Páiste | Guaire Aidhne mac Colmáin, Loingsech mac Colmáin |
Athair | Cobthach mac Gabráin |
Tháinig sé i gcoróin an éigin tar éis na bliana 601. Deirtear sa Leabhar Laighneach agus i Sioncronachtaí Laud gur comharba Uatu mac Áedo (bás 600) ba ea é. Tugtar réimeas 25 agus 21 bliain faoi seach dó.
Insítear sna hannála gur maraíodh é i gCath Cenbuigi (Canbo, Contae Ros Comáin) sa bhliain 622.[4] Cloíodh é ag a chomharba Rogallach mac Uatach de chlann Uí Bhriúin (bás 649).[5]
I measc a mhac, bhí a leanas, ríthe Chonnacht beirt:[6]
- Laidgnen/Loingsech mac Colmáin (bás 655)
- Guaire Aidne mac Colmáin (bás 663)
Féach freisin
cuir in eagarFoinsí
cuir in eagar- Annála Uladh
- Annála Tiarnaigh
- Leabhar Laighneach, Rig Connacht
- Sioncronachtaí Laud
- Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
- Daniel P. McCarthy, Synchronisms Curtha i gcartlann 2012-06-08 ar an Wayback Machine
Naisc sheachtracha
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Daniel P. McCarthy, The Chronology of the Irish Annals
- ↑ Denis Walsh, Ireland's History in Maps
- ↑ Francis J.Byrne, Irish Kings and High-Kings, Tábla 18
- ↑ Annála Uladh, AU 622.6
- ↑ Annála Tiarnaigh, AT 622.6
- ↑ Byrne, Tábla 18
Réamhtheachtaí Cobthach mac Gabráin? |
Rí Uí Fhiachrach Aidhne ?-622 |
Comharba Loingsech mac Colmáin |
Réamhtheachtaí Uatu mac Áedo |
Ríthe na gConnacht 600–622 |
Comharba Loingsech mac Colmáin |