Eoghan Ó hEidhin

Rí Uí Fhiachrach Aidhne

Rí Uí Fhiachrach Aidhne ba ea Eoghan Ó hEidhin (bás 1253).

Infotaula de personaEoghan Ó hEidhin
Beathaisnéis
Bás1253 (Féilire Ghréagóra)

Comharbacht cuir in eagar

Is éiginnte í an chomharbacht i ríocht Aidhne tar éis bhás Mhuiris Uí Eidhin sa bhliain 1180. Tuairiscítear bás Conchúir mhic Mhuiris sa bhliain 1201 ach ní thugtar an teideal rí dó.[1] Sa bhliain 1211, d'éag Cú Gaela Ua hEidhin, ach arís níl ann ach iontráil lom.[2] Agus arís sa bhliain 1212, deirtear gur dalladh Donnchadh Ó hEidhin ag Aodh mac Cathail Chroibhdheirg, gan cead d'Ó Conchúir, ach arís ní fios go cruinn ar rí é.[3]

Luaitear aighneas cathartha le linn na mblianta 1222 go 1224. Sa bhliain 1222, maraíodh Giolla Mo Choinne Ua Cathail, tighearna Cheneoil Aodha thoir & thiar, ag Seachnasach mac Giolla na Naomh Uí Sheachnasaigh.[4] Sa bhliain 1223, maraíodh Seachnasach féin ag Clann Chuiléin, inar sáraíodh bachal Naomh Colmáin.[5] Fuair Giolla na Naomh bás sa bhliain 1224, leis an teideal tighearna lethe iartharaighe Cenél Aodha na h-Echtgi.[6]

Cogadh 1225 cuir in eagar

Luaitear Ó hEidhin ar dtús mar rí Aidhne i rith cogaidh 1225.


Bás cuir in eagar

Fuair Eoghan, 'ticcherna Ua f-Fiachrach', bás sa bhliain 1253.[7]

Foinsí cuir in eagar

  • Annála Uladh
  • Annála na gCeithre Máistrí
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
  • Dan McCarthy, Synchronisms Curtha i gcartlann 2012-06-08 ar an Wayback Machine, Coláiste na Tríonóide.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Annála na gCeithre Máistrí, ACM 1201.7
  2. ACM 1211.7
  3. ACM 1212.5
  4. ACM 1222.6
  5. ACM 1223.4
  6. ACM 1224.11
  7. ACM 1253.6


Réamhtheachtaí
Muirgheas Ua hEidhin
Rí Uí Fhiachrach Aidhne
roimh 1225 – 1253
Comharba
Eoghan Ó hEidhin (II)