Fearghal Aidhne mac Ardaile

Rí Chonnacht

Rí na gConnacht de chlann Uí Fhiachrach Aidhne ba ea Fearghal Aidhne mac Ardaile (Sean-Ghaeilge Fergal Aidne mac Artgaile) (bás 696[1]). Guaire Aidne mac Colmáin (bás 663), mórghaiscíoch seanscéalta, ba ea a sheanathair. An duine deireanach dá theaghlach ba ea é a ndearnadh rí Chonnacht de.[2]

Infotaula de personaFearghal Aidhne mac Ardaile
Beathaisnéis
Bás696

Sna ríliostaí, faightear a réimeas as ord, curtha tar éis Cheallaigh mhic Rogallaigh (bás 705).[3] Sna hannála amhail is Annála Tiarnaigh, feictear é tar éis Dúnchadha Mhuirisce mhic Tiobraide (bás 683), idir na blianta 683 go dtí 696. Ní thuairiscítear ámh rud ar bith maidir lena réimeas.

Sinsear Chineál Ghuaire (Cenél Guairi) ba ea Fearghal Aidhne, le teaghlaigh Uí Eidhin agus Uí Chléirigh. Sinsear Chineál Aodha (Cenél nÁeda) ba ea a dheartháir, Aodh, le teaghlach Uí Sheachnasaigh

Féach freisin cuir in eagar

Foinsí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Daniel P. McCarthy, The Chronology of the Irish Annals
  2. Francis J.Byrne, Irish Kings and High-Kings, Tábla 18
  3. Leabhar Laighneach, chuid 30 agus Sioncronachtaí Laud Synchronims


Réamhtheachtaí
Dúnchad Muirisci
rí na gConnacht
683–696
Comharba
Muiredach Muillethan
Réamhtheachtaí
Muirchertach Nár mac Guairi
Ríthe Uí Fhiachrach Aidhne
668–696
Comharba
Conchobar mac Cummascaig