Dúnchad Muirisci
Rí na gConnacht de chlann Uí Fhiachrach ba ea Dúnchadh Mhuirisce mac Tiobraide (Sean-Ghaeilge Dúnchad Muirisci mac Tipraite) (bás 683[1]). Ba bhall é de chlann Uí Fhiachrach Mhuaidhe, lonnaithe ar bhruach na Muaidhe, síolraithe ó Fiachna, deartháir Ailealla Mhoilt (bás 484).[2]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 7 haois |
Bás | 683 |
Gníomhaíocht | |
Gairm | monarc |
Teaghlach | |
Páiste | Indreachtach mac Dúnchadha |
Duine muinteartha | Donn Cothaid mac Cathail (fionnó) |
Tugann a leasainm le fios gur bhain sé ceannas amach ar cheantar Muirisce ar An Mhuaidh. Rinneadh ríthe níos deireanaí Uí Fhiachrach dá mhuintir.[3]
Feictear Dúnchadh sna hannála agus sna ríliostaí dís, ina rí sna blianta 682 agus 683. Sna foinsí úd, deirtear gurbh é Maoldubh (Máeldub) a athair, cé gurbh é siúd a sheanathair sna ginealaigh shaol is Leabhar Bhaile an Mhóta agus Tiobraid a athair.[4]
Tuairiscítear sna hannála gur maraíodh Dúnchadh sa bhliain 683 ach ní deirtear cé a bhí ciontach as. I measc a mhac bhí: Indreachtach (bás 707), rí Connacht; agus Aillil.
Féach freisin
cuir in eagarFoinsí
cuir in eagar- Annála Tiarnaigh
- Leabhar Laighneach, chuid 30
- Sioncronachtaí Laud
- Francis J.Byrne, Irish Kings and High-Kings
- Daniel P. McCarthy, The Chronology of the Irish Annals