Ceann Faoladh mac Colgan

rí Éireannach
(Athsheolta ó Cenn Fáelad mac Colgan)

Rí na gConnacht de chlann Uí Bhriúin ba ea Ceann Faoladh mac Colgan (Sean-Ghaeilge Cenn Fáelad mac Colgan (bás 682[1]). Ba bhall den ghéag darbh ainm Uí Bhriúin Seola, lonnaithe thart timpeall ar Thuaim, Contae na Gaillimhe. Is é an chéad duine den ghéag seo luaite sna hannála.

Ceann Faoladh mac Colgan
Saol
Bás 682
Gairm
Gairm monarc

Feictear Ceann Faoladh sin chéad uair sa bhliain 653, nuair a maraíodh chomhghuaillí Uí Fhiachrach Aidhne, Marcán mac Tomaini, rí Uí Mhaine, ag troid in Iarthair Seola ag Ceann Faoladh féin agus Máenach mac Báethíne. I nAnnála na gCeithre Máistrí, deirtear go raibh Máenach ina thaoiseach Uí Bhriúin.[2]

Déantar trácht ais ar Cheann Faoladh dá bhliain 663 , nuair a insítear i nAnnála Tiarnaigh go ndearnadh rí Chonnacht de, i gcomharbacht ar Ghuaire Aidhne (bás 663). Feictear é fosta sna ríliostaí mar rí tar éis Ghuaire.[3] Maítear sa Chronicum Scotorum ámh go raibh Muirchertach Nár mac Guairi ina rí Chonnacht sa bhliain 668.[4] The annals also mention a certain Dub-Indracht mac Dúnchada as king of the Uí Bhriúin of Mag nAí sa bhliain 666.[5][6]

Luaitear Ceann Faoladh don uair dheireanach sa bhliain 682, nuair a deirtear gur maraíodh é ag Ulcha Dearg ua Caillidhe de Conmhaicne Cuile,[7] aitheachthuath Uí Bhriúin Seóla. Measann Francis Byrne go ndearnadh seo mar fhreagairt ar pholasaí cheansú agus ionghabháil Uí Bhriúin.[8]

De shliocht Chinn Faoladh iad Muintir Murchadha agus Clann Cosgraigh.[9]

Féach freisinCuir in Eagar

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. all dates per The Chronology of the Irish Annals, Daniel P. McCarthy
  2. Ba bhall den ghéag a bheadh Uí Bhriúin Bréifne é Máenach.
  3. Leabhar Laighneach, cuid 30 agus Sioncronachtaí Laud Synchronisms
  4. Chronicum Scotorum, CS 668
  5. CS 666
  6. Annála Uladh, AU666.4
  7. Annála na gCeithre Máistrí
  8. Francis J.Byrne, Irish Kings and High-Kings, lch. 247
  9. John O'Hart, Irish Pedigrees, lch. 634.