Failbhe Flann mac Aodha Dhuibh

Rí Mumhan

Rí na Mumhan den Eoghanacht Chaisil ba ea Failbhe Flann mac Aodha Dhuibh (Meán-Ghaeilge Faílbe Flann mac Áedo Duib) (bás 639[1]). Tháinig sé i gcoróin i gcomharbacht ar Chathal mac Aodha Flainn Chathrach den Eoghanacht Ghleanndamhnach sa bhliain 628. Deartháir óg an iar-rí, Finghin mac Aodha Dhuibh (bás 618) ba ea é.[2]

Infotaula de personaFailbhe Flann mac Aodha Dhuibh
Beathaisnéis
Bás639
Rí na Mumhan
628 – 639
← Cathal mac ÁedoCúán mac Amalgado → Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairm Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
PáisteColgú mac Faílbe Flaind Cuir in eagar ar Wikidata
SiblínFinghin mac Aodha Dhuibh

Sa bhliain 629, throid Failbhe Cath Carn Fhearaígh (Contae Luimnigh) in éadan Ghuaire Aidhne mhic Cholmáin (bás 663) de chlann Uí Fiachrach Aidhne na gConnacht.[3] Bhí Guaire i gceannas ag barr thionchar Uí Fhiachrach i ndeisceart na Connacht, agus rinne sé iarrachtaí críocha sa Tuadhmhumhain caillte acu.[4] Bhuaigh Failbhe an cath agus cuireadh an ruaig ar Ghuaire. Maraíodh a chomhghuaillí Conall mac Maoil Dhuibh de chlann Uí Maine agus go leor tiarnaí na gConnacht. Molann Byrne gurbh as an gcath seo amach a thosaigh leathadh na nDéise i gContae an Chláir isteach.[5]

Cath Átha Goan, troidte sa bhliain 636 ar mhaigh thiar na Life a bhí an t-imeachtaí tábhachtach eile a thalra i rith a réimse.[6] Thug sé a thacaíocht d'Fhaolán mac Colmáin (bás 666) de chlann Uí Dúnlainge in éadan Chriomhthainn mhic Aodha de chlann Uí Mháil, rí na Laighean. Chuir Failbhe agus Faolán iad féin i bpáirt le Conall Guthbhinn mac Suibhne (bás 637) na na Mí. Bhuaigh siad agus maraíodh Criomhthann. De réir leabhráin Muimhneaigh, d'íoc Failbhe cáin na Laigean do mhuintir Uí Néill, ach diúltaíonn Byrne dó seo mar bholscaireacht Mhuimhneach, chun Leath Mhogha a mhaíomh.[7]

Clann agus shliocht

cuir in eagar

Bhíodh aithne ar shliocht Fhailbhe mar Clann Failbhe den ghéag Chaisil. Níos deireanaí, thugtaí Mhic Cárthaigh orthu, i gceannas sa Deasmhumhain, chomh maith leis na barúntachtaí Cairbrigh, Tiarna Mhúscraí agus Dúiche Ealla.

Rí na Mumhan fosta ba ea a mhac Colgú mac Faílbe Flaind (bás 678).

Féach freisin

cuir in eagar
  • CELT
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Sioncronachtaí Mhic Cárthaigh Curtha i gcartlann 2012-06-08 ar an Wayback Machine, eagrán athbhreithnithe, Coláiste na Tríonóide.

Luaitear Failbhe Flann i leabhair éagsúla den sraith scéalta "Sister Fidelma Mysteries" le Peter Tremayne (Peter Berresford Ellis), mar athair an bhleachtaire eapainmnigh.

  1. dátaí per The Chronology of the Irish Annals le Daniel P. McCarthy
  2. Francis J. Byrne, Irish Kings and High-Kings, Tábla 12
  3. AU 627.2, AT 628.3, AIF 629.1
  4. Foras Feasa ar Éirinn, Leabhar II, lch. 71
  5. Byrne, lch. 239
  6. AU 633.2, AT 636.2, AI 637.2
  7. Byrne, lch. 151