Criomhthann mac Aodha
Rí na Laighean de rítheaghlach Uí Mháil ba ea Criomhthann mac Aodha (Sean-Ghaeilge Crimthann mac Áedo (bás 633)[1] Aodh Dibhchine (bás 595), iar-rí, ba ea a athair.[2] Tháinig sé i gcoróin an éigin tar éis bhás Rónáin mhic Colmáin. Ba é a dheartháir é Rónán Crach, an rí Laigean luaite b'fhéidir sa sága Fingal Rónáin, a deirtear fosta gur easpag é. Criomhthann ba é a mharaigh é.[3]
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 636 |
Gníomhaíocht | |
Gairm | monarc |
Teaghlach | |
Teaghlach | Uí Mháil |
Athair | Áed Dibchine |
Sa bhliain 626, chuir Uí Néill faoi léigear prionsa Uí Chinnsealaigh darbh ainm Crundmáel Bolg Luatha (bás 628).[4][5] Mharaigh céile comhraic Chriomhthainn, Faolán mac Colmáin de rítheaghlach Uí Dúnlainge, an prionsa úd ag Cath Duma Aichir sa bhliain 628.[6][7] Sa bhliain chéanna, scrioseadh na Laigin ag an Ardrí nua, Domhnall mac Aodha (bás 642) de Chineál Chonaill.[8]
Cloíodh agus maraíodh Criomhthann ag Cath Áth Goan (taobh thiar den Life) ag comhaontas idir a chéile comhraic Faolán, Failbhe Flann mac Aodha Dhuibh ([[ríthe na Mumhan|rí Mumhan], bás 637) agus Conall Guthbhinn mac Suibhne (bás 635) de Chlann Cholmáin.[9][10][11][12] Maítear i ndréacht Muimhneach gur íoc Failbhe cáin na Laigean dosna hUí Néill, ach diúltaíonn Byrne an smaoineamh seo this mar bolscaireacht Mhuimhneach níos deireanaí um Leath Mhogha a éileamh.[13]
Féach freisin
cuir in eagarFoinsí
cuir in eagar- Corpus of Electronic Texts
- Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
- Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
Naisc sheachtracha
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ dátaí per The Chronology of the Irish Annals, le Daniel P. McCarthy
- ↑ Francis J.Byrne, Irish Kings and High-Kings, Tábla 8
- ↑ T.M.Charles-Edwards, Early Christian Ireland, lch. 622
- ↑ Annála Uladh, AU 626.2
- ↑ Annála Tiarnaigh, AT 627.4
- ↑ AU 628.1
- ↑ AT 630.1
- ↑ AT 630.6
- ↑ AU 633.2
- ↑ AT 636.2
- ↑ Annála Inis Faithlinn, AI 637.2
- ↑ Byrne, lch. 154
- ↑ Byrne, lch. 151