Rónán mac Colmáin
Rí na Laighean ba ea Rónán mac Colmáin, a tháinig i gcoróin tar éis Brandub mac Echach (bás 605).[1] Bhí beirt fhear ann darbh ainm 'Rónán mac Colmáin' a bhí gníomhach sa Laigin go luath sa seachtú haois, agus ní fios go cruinn cé acu a bhí ina rí. Meascann foinsí níos deireanaí an bheirt, ach tugann an staraí Francis John Byrne faoi ndear nach ndéanann na foinsí is luaite a leithéid.[2]
Ríthe na Laighean | |
---|---|
Gníomhaíocht | |
Gairm | monarc |
Rí Uí Chinnsealaigh
cuir in eagarRí Uí Chinnsealaigh ba ea an chéad Rónán (bás 624)[3] Colmán mac Cormaic de Síl Chormaic ba ea a athair.[4] Creideann Byrne gurbh eisean a bhí ina rí na Laighean. Tá a thásc i nAnnála Tiarnaigh agus Annála Uladh dís.[5][6]
Crundmáel Erbuilc (bás 656), rí Laigean níos deireanaí, ba ea a mhac son. I measc mac eile, bhí Blathmhac (bás 658) agus Cumascach, rí Uí Chinnsealaigh.
Tháinig Crudmáell Bolg Luatha mac Áedo (bás 628) i gcomharbacht ar mar rí Uí Chinnsealaigh.
Rí Uí Dhúnlainge
cuir in eagarRí Uí Dhúnlainge ba ea an dara Rónán (bás 613). Colmáin Mór mac Cairbre (Colmán Már mac Coirpri) na ea a athair.[7]
Tugtar an teideal 'rí Laigean' do ina thásc i Annála Tiarnaigh.[8] Le linn na ré seo, chuir na hannála seo roinnt ríthe Laigean ó na ríliostaí.
Sága Fingal Rónáin
cuir in eagarFeictear Rónán mac Colmáin Uí Dhúnlainge sa sága Fingal Rónáin,[9] (aitheanta fosta mar 'Anbhás Maoil Fhothartaigh mhic Rónáin' (Aided Máele Fothartaig meic Rónáin)), dán Meán-Ghaeilge den 10ú haois. Caomhnaítear an scéal sa Leabhar Laighneach.
Rónán Mac Áedo is ea ainm príomhphearsa an scéil, ach feictear sna ginealaigh gur mharaigh Rónán mac Colmáin a mhac.[10] Tugann Dan Wiley faoi ndeara gur éirigh díofa í líne chlann Rónáin tar éis a bháis, agus gur de shliocht a dhearthár, Faolán, iad ríthe Uí Dhúnlainge na Laigean.[11]
De réir an tsága, Eithne ní Chumascaigh ba ea chéad bhean chéile Rónáin, agus bhí mac acu darbh ainm Máelfothartaig. I ndiaidh bhás Eithne, phós sé arís le hiníon Eochaid Iarlaithe (bás 666) den Dál nAraidi. An-óg a bhí an bhanríon nua, agus rinne sí iarracht a leasmhac a mhealladh. Chuaigh Máel Fothartaigh ar deoraíocht dá thoil féin dá bharr go hAlbain. Tháinig sé abhaile i ndeireadh na dála, ach lean an bhanríon léi lena cluanaireacht. Nuair a dhiúltaigh sé arís í, bhuail sí bob ar an rí a mhac a dúnmharú.
Féach freisin
cuir in eagarFoinsí
cuir in eagar- Corpus of Electronic Texts
- Annála Uladh
- Annála Tiarnaigh
- Leabhar Laighneach, Rig Lagen
- Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
- MacKillop, James, A Dictionary of Celtic Mythology. Oxford University Press, Oxford, 1998. ISBN 0-19-280120-1
Naisc sheachtracha
cuir in eagar- Fingal Rónáin, Cycle of the Kings le Dan Wiley
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Tugtar réimeas deich mbliana dó sa Leabhar Laighneach
- ↑ Francis J.Byrne, Irish Kings and High Kings, lch. 137.
- ↑ dátaí per The Chronology of the Irish Annals le Daniel P. McCarthy
- ↑ Byrne, Irish Kings and High Kings, tábla 10.
- ↑ Annála Uladh, AU 624.1
- ↑ Annála Tiarnaigh, AT 625.1.
- ↑ Byrne, Irish Kings, Tábla 9.
- ↑ AT 613.4.
- ↑ fingal, gortú nó marú gaoil, ar eDIL
- ↑ Bhí Rónán Crach mac Áedo Díbchine Uí Mháil ann ag an am chéanna.
- ↑ Dan M. Wiley, "Fingal Rónáin" Curtha i gcartlann 2006-09-02 ar an Wayback Machine, The Cycles of the Kings.