Fingal Rónáin
I miotaseolaíocht na nGael, scéal de chuid Scéalaíocht na Ríthe ón 10ú haois is ea Fineghal Rónáin (Meán-Ghaeilge Fingal Rónáin[1]), aitheanta fosta mar Anbhás Maoil Fhothartaigh mhic Rónáin (Aided Máele Fothartaig meic Rónáin). Caomhnaítear é sa Leabhar Laighneach agus i lámhscríbhinn um 1500.
Scéal
cuir in eagarEithne ní Chumascaigh ba ea chéad bhean chéile Rónáin, agus bhí mac acu darbh ainm Maol Fothartaigh (Máelfothartaig). I ndiaidh bhás Eithne, phós Rónán arís le hiníon Eochaid Iarlaithe (bás 666) de Dhál Araí. An-óg a bhí an bhanríon nua, agus rinne sí iarracht a leasmhac a mhealladh. Dhiúltaigh Maol Fothartaigh an caidreamh agus chuaigh sé ar deoraíocht dá thoil féin dá bharr go hAlbain. Tar éis tamall ámh, as a díomas tharraing sí míchlú ar Mhaol Fothartaig, ag éileamh go ndearna sé iarracht í a mhealladh. Tá Rónán chomh fearg sin á chloisteáil go bhfágann sé cath chun a mac a mharú le sleá. Agus é ag fáil báis, insíonn Maol Fothartaigh an fhírinne lena athair. Baineann deartháir altrama Mhaoil Fhothartaigh díoltas amach ar mhuintir na banríona, ag marú a hathar rinne gaol eile. Buailte le haiféala as a gníomh, cuireann an bhanríon lámh ina bás féin. Éagann Rónán de bhrón.
Téama
cuir in eagarFeictear sa scéal Anbhás Aonmhic Aoife (Aided Óenfir Aífe) leagan eile d'aighneas athar-mic. Feictear an téama freisin, a bheag nó a mhór, i gcultúir eile: Iósaf agus bean chéile Potifar sa bhíobla; Bellerophon agus banríon Anteia sa Ghréig; agus Hippolytos agus a leas-mháthair Phaidra ach go háirithe.
Féach freisin
cuir in eagarFoinsí
cuir in eagar- Bernhard Maier: Lexikon der keltischen Religion und Kultur. Kröner, Stuttgart 1994, ISBN 3-520-46601-5.
Naisc sheachtracha
cuir in eagar- Fingal Rónáin ar Corpus of Electronic Texts
- Fingal Rónáin (also Aided Maelḟothartaig meic Rónáin) ar CODECS
- Fingal Rónáin ar Irish Sagas Online
- James MacKillop, A dictionary of Celtic mythology, Oxford University Press, 2004