Finghin mac Aodha Dhuibh
Rí na Mumhan den Eoghanacht Chaisil ba ea Finghin mac Aodha Dhuibh (Sean-Ghaeilge Fíngen mac Áedo Duib), a fuair bás sa bhliain 618.[1] Fionnó an iar-rí, Féilimí mac Aonghasa ba ea é.[2] Tháinig sé i gcoróin i gcomharbacht ar Amhalaidh mac Éanna sa bhliain 601.
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 618 |
Rí na Mumhan | |
601 – 618 ← Amalgaid mac Éndai, Garbán mac Éndai – Cathal mac Áedo → | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | rí |
Teaghlach | |
Céile | Mór Mhumhan |
Páiste | Máenach mac Fíngin |
Siblín | Failbhe Flann mac Aodha Dhuibh |
Níltear ar aon ghuth sna hannála maidir lena réimse agus réim Aodha Bheannáin mhic Criomhthainn (bás 618) den Eoghanacht Locha Léin. Tugtar an teideal Rí na Mumhan dóibh beirt i nAnnála Tiarnaigh, ach deirtear gur tháinig Finghin i gcoróin i ndiaidh Amhalghaí sa bhliain 601.[3] I nAnnála Inis Faithlinn, ní raibh ach ag Aodh an teideal úd.[4]
Bhí réimse rathúil ag Finghin:[5]
- Mumha in aimsir Finghin mhic Aodha, lán ba ea a stórais, torthúil ba ea a fearainn.
De réir an seanscéal Mór Mumhan agus Anbhás Chuana mhic Ailchine, bhí sé pósta ar dtús le bean na nDéise ach níos déanaí phós sé Mór Mumhan (bás 636), iníon Aodha Bheannáin. Dúradh gurbh í an bhean is áille in Éirinn í Mór Muman. Phós sise in am trátha comharba Fhinghin, Cathal mac Aodha (bás 627).[6]
Bhí mealladh na mban i bhFighin, mar is léir sa sliocht a leanas ón Saltair Caisil:
- Fíngen, fíochmhar, beo,
- Ráscánta, calma trí istríd,
- Caoin agus séimh i leith ban,
- Faraoir! i snaidhm grá feistithe.
Bhí beirt mhac aige le Mór, mar a bhí Seachnassach agus Maonach (Rí Mhumhan, bás 661).[7] Sliochtach i bhfad ba ea Feilimí mac Criomhthainn (bás 847).
Cineál Finghin (Cenél Fíngin) a glaodh ar a mhuintir díreach, agus deirtear go bhfuil ina mheasc clann Uí Shúilleabháin agus a bhfo-chlann Mhic Giolla Chuda.
Féach freisin
cuir in eagarFoinsí
cuir in eagar- CELT: Corpus of Electronic Texts
- Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
- Sioncronachtaí Mhic Cártaigh, eagrán athbhreithnithe Curtha i gcartlann 2012-06-08 ar an Wayback Machine, Coláiste na Tríonóide.
- Rev. Eugene O'Keeffe, Book of Munster, Ginealaigh Eoghanachta
Naisc sheachtracha
cuir in eagar- CELT: Corpus of Electronic Texts ag Coláiste na hOllscoile, Corcaigh
- TLH: Thesaurus Linguae Hibernicae ag Coláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath
- Wiley, Dan M., Mor Muman, Scéalaíocht na Ríthe
- via Library Ireland
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ gach dáta de réir The Chronology of the Irish Annals, Daniel P. McCarthy
- ↑ Francis J.Byrne, Irish Kings and High-Kings, Tábla 12
- ↑ Annála Tiarnaigh, AT 601.5, 618.3, 618.4
- ↑ Annals of Innisfallen AI 619.1,620.2
- ↑ Byrne, lch. 206
- ↑ Byrne, ll. 204-205
- ↑ Rev. Eugene O'Keeffe, Book of Munster, Eoghanacht Genealogies Excerpt From The Book of Munster, [1] via archive.org