Géag Eoghanachta na Mumhan ab ea an Eoghanacht Locha LéinUi Chaibre Luachra. Áirítear iad sa chiorcal amuigh na nEoghanacht.

Bhí a gcuid tailte suite san Iarmhumhan. Seanainm is ea Luachair a thugtaí ar cheantar mór ar theorainneacha na gContaetha Corcaí, Ciarraí agus Luimnigh. Tá Sliabh Luachra ann fós, agus tá Loch Léin gar do Chill Airne[1]

Sinsear na géige ab ea Caibre Luachra mac Coirc mhic Lugdach le Moingfhionn iníon Feredaigh, rí na gCruithnach. Sliocht den séú glúin aníos ó Eoghan Mór, sinsear na nEoghanacht, ab ea Caibre. Chuaigh sé siar thar Luachair Deadhaid (Sliabh Luachra) chun a ríora a bhunaigh.[1]

Bhí roinnt clann i gceannas Locha Léin, san áireamh na clanna Uí Chathail, Uí Fhlainn, Uí Mhuircheartaigh agus Uí Chearbhaill. Faoin 12ú haois, bhí an Eoghanacht úd clóite ag na hUí Dhonnchadha den Eoghanacht Raithlinn as Corcaigh.[2]

Bhí gaol saorchineáil ag an ngéag Locha Léin le ríthe Caisil, agus glaoitear go minic orthu sna hannála ríthe Iarluachra[3] nó ríthe Locha Léin. Óir nár bhaill den chiorcal istigh iad, níor creideadh ach go hannamh duine acu ina rí Caisil, ach san áireamh a leanas:[4]

Féach freisin cuir in eagar

Foinsí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 Leabhar Muimhneach
  2. Annals of Innisfallen
  3. T. M. Charles-Edwards
  4. T.M.Charles-Edwards, Early Christian Ireland


Teimpléad:Munster