Ólchobar mac Cináeda

Rí na Mumhan

Rí na Mumhan ba ea Ólchobar mac Cináeda (bás 851) ón mbliain 847 go dtí a bhás. B'fhéidir gurb é an té ar a tugadh "rí na nÉireannach" air, a chuir toscaireacht chuig impire na bhFranc, Séarlas Maol, ag fógairt sraith buanna i gcoinne na Lochlannach in Éirinn sa bhliain 848.

Infotaula de personaÓlchobar mac Cináeda
Beathaisnéis
Bás851
Rí na Mumhan
847 – 851
← Feilimí mac CriomhthainnÁilgenán mac Donngaile →
Ambasadóir
Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairm, taidhleoir Cuir in eagar ar Wikidata

Bunúis cuir in eagar

Bhíothas den tuairim gur bhall d'Eoghanacht Locha Léin, Cill Airne, ba ea Ólchúr.[1] De réir taighde an lae inniu ámh, moltar anois gurbh iad a mhuintir ná Eoghanacht Áine as oirthear Contae Luimnigh, muintir a bhí mar bhall de chiorcal istigh na nEoghanacht, a dháiltí ríogacht na Mumhan ón 7ú haois ar aghaidh. Ceapadh roinnt phearsana Eoghanacht Áine ina abaí Imligh sa 9ú haois.[2]

Creidtear gurbh abb Imligh, príomh eaglais na nEóganacht, é Ólchobar sula ndearnadh rí de. Ba éa réamhtheachtaí, an rí cumhachtach Feidlimid mac Crimthainn, a cuir le chéile don chéad uair riamh oifigí stáit idir riacht agus eaglasta. Sa Mhumhain in Éirinn amháin a tharlaíodh a leithéid de rud le linn na naoú agus deichiú haoiseanna. Several of the kings who held abbacies as well as the kingship, Meastar fosta gur iarrthóirí comhréitigh sin ríogacht iad go léir desna na ríthe seo, Ólchobar ina measc ach freisin an rí níos mó le rá, Cormac mac Cuileannáin,[3]

Lochlannaigh cuir in eagar

De réir roinnt annála Éireann, Chronicon Scotorum san áireamh, rinne Lochlannaigh ruathar ar Imleach luath le linn réimeas Ólchúir. Sa bhliain 848, bliain inar cloíodh go minic na Lochlannaigh, rinne Ólchobar comhaontas lena comharsan san oirthear, Lorcán mac Ceallaigh, rí Laigean, chun arm Lochlannach a chloí ag Sciath Neachtain, gar do Dhíseart Diarmada, Contae Chill Dara, an lae inniu. De réir luath-fhoinsí, maraíodh dhá chéad Lochlannach, ina measc Tomrair, Iarla agus ionadaí rí Laithlind. Níos deireanaí sa bhliain, chloígh Eoghanacht Chaisil inflicted a Lochlannaigh ag Dún Maíle Tuile, gar do Chaiseal féin. Bhí buanna fosta san iarthar, i gContae Shligigh an lae inniu, ag Ardrí, Maol Seanstíl mac Maoil Rúnaí agus a chomhghuaillí, Tiarnach mac Fógartaigh.[4][5][6][7][8]

Ag deireadh na bliana 848, deirtear gur chuir Ólchobar imshuí ar na Lochlannaigh ag Corcaigh, ach ní fios thoradh na heachtra seo.[9][10]

Moladh é gur chomhiarracht i measc ríthe na hÉireann é na feachtais seo i gcoinne na Lochlannach.[11]

Rí na nÉireannach cuir in eagar

I ndiaidh an tsraith seo buanna i gcoinne na Lochlannach, tuairiscítear in Annales Bertiniani gur tháinig toscaireacht chuig cúirt impire na bhFranc, Séarlas Maol:

Rinne na hÉireannaigh ruathair ar na Gaill agus le cúnamh Íosa Chríost bhuaigh siad agus chuir siad an ruaig orthu as a gcuid críoch. De bharr sin, chuireann rí na nÉireannach ambasadóirí le bronntanais chuig Séarlas ar mhaithe le síocháin agus cairdeas agus le hiarratas um coimirce aistir chuig an Róimh a ligint dó.[12]

Ní fios go cruinn cén rí na nÉireannach atá i gceist anseo. Samhlaíodh é le Maol Seachnaill mac Maoil Rúnaí.[13] Moladh fosta ámh Ólchúr. Deirtear go raibh Sedulius Scottus, fear na Laigean, ann mar bhall den toscaireacht, agus nach gceapadh an tArdrí a leithéid d'fhear mar ionadaí, ach b'fhéidir rí na Mumhan.[14]

Ní feictear Ólchúr sna foinsí i ndiaidh na bliana 848, go dtí a bhás sa bhliain 851. Dá mba "rí na nÉireannach" é, níl ar marthain taifead ar oilithreach chuig an Róimh.

Foinsí cuir in eagar

  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha y: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Charles-Edwards, T. M. (2000). "Early Christian Ireland". Cambridge: Cambridge University Press. 
  • Charles-Edwards, T. M.. "Oxford Dictionary of National Biography". Máel Sechnaill mac Máele Ruanaid (d. 862). Oxford University Press.
  • Downham, Clare (2007). "Viking Kings of Britain and Ireland: The Dynasty of Ívarr to A.D. 1014". Dún Éadain: Dunedin. 
  • Jeffries, Henry Alan (2004). "Cork: Historical Perspectives": 33–47. Baile Átha Cliath: Four Courts Press. 
  • Ó Corráin, Donnchadh (1997). "The Oxford Illustrated History of the Vikings": 83–109. Oxford: Oxford University Press. 
  • Ó Cróinín, Dáibhí (1995). "Early Medieval Ireland 400–1200". Londain: Longman. 

Tagairtí cuir in eagar

  1. Byrne, Irish Kings and High Kings, lch. 214.
  2. Byrne, Irish Kings and High Kings, corrigenda, ll. xxiv & xxvii.
  3. Byrne, Irish Kings and High Kings, ll. 213–215.
  4. Byrne, Irish Kings and High Kings, lch. 262
  5. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, ll. 596–597
  6. Downham, Viking Kings, ll. 12–14 & 274
  7. Ó Corráin, "Ireland", lch. 89
  8. Ó Cróinín, Early Medieval Ireland, ll. 247–248.
  9. Jeffries, "Viking Cork", ina dtugann sé an bhliain 846 mar réir Annála na gCeithre Máistrí; anseo mar réir Downham, Viking Kings, ll. 13 & 274.
  10. Is é seo an chéad tagairt dosna Lochlannaigh ag Corcaigh. Ní insítear scéala ar bith fúthu arís go dtí 865.
  11. Charles-Edwards, "Máel Sechnaill".
  12. luaite ag Ó Corráin, "Ireland", lch. 89.
  13. Ó Cróinín, Early Medieval Ireland, ll. 247–248.
  14. Byrne, Irish Kings and High Kings, lch. 262.