Lorcán mac Ceallaigh

rí Éireannach
(Athsheolta ó Lorcán mac Cellaig)

Rí na Laighean de rítheaghlach Uí Dhúnlainge ba ea Lorcán mac Ceallaigh (Sean-Ghaeilge Lorcán mac Cellaig) (fl. 848). Cellach mac Brain Uí Mhuireadaigh (bás 834), iar-rí, ba ea a athair.[1]

Infotaula de personaLorcán mac Ceallaigh
Beathaisnéis
Floruit9 haois
Teaghlach
TeaghlachUí Mhuireadhaigh Cuir in eagar ar Wikidata
AthairCeallach mac Brain

Is doiléir iad na ríliostaí Laighneacha sa tréimhse seo. Sa Leabhar Laighneach, tagann Lorcán i gcomharbacht ar Ruarc mac Brain (bás 862) Uí Dhúnchada agus Tuathal mac Maoilbhríde (bás 854) i gcomharbacht airsean. Dar leis na liostaí ann, bhí réimeas 9 mbliana ag Ruarc (c. 838-847) agus trí bliana ag Túathal (c. 851-854). Dá mba fhíor, bheadh Lorcán i réim c. 847-851.[2] Molann Francis John Byrne gurb í cúis an mhearbhaill seo ná gur lag a bhí ríthe Uí Dhúnlainge ag an am de bharr cumhacht a gcomharsan, Cearbhall mac Dunlaing (bás 888), rí na nOsraí, cé nach ndearna rí Laigean de féin riamh.[3]

Sa bhliain 848, bhí Lorcán i gceannas comhaontais le hÓlchúr mac Cinnéide (bás 851), rí Mumhan, nuair a bhuaigh siad in éadan na Lochlannach ag Cath Sciath Nechtain gar de Dhíseart Diarmada, Contae Chill Dara, cath inar thit an jarl Tomrair.[4] Bhí athair Lorcáin féin i gcomhaontas le Feilimí mac Criomhthainn (bás 847), iar-rí na Mumhan.

Foinsí cuir in eagar

  • Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha y: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Byrne, Tábla 9
  2. Leabhar Laighneach, Rig Lagen
  3. Byrne, lch. 163
  4. Annála Uladh, AU 848.5