Túathal mac Máele-Brigte

rí Éireannach

Rí na Laighean de rítheaghlach Uí Dhúnlainge ba ea Tuathal mac Maoilbhríde (Sean-Ghaeilge Túathal mac Máele-Brigte) (bás 854). D'fhéadfadh é gurbh é Muiredach mac Brain (bás 818), iar-rí, a athair, b'fhéidir.[1] Glaoitear sna hannála mac Maoilbhríde air, cé nach fios cé hé an té.[2]

Infotaula de personaTúathal mac Máele-Brigte
Beathaisnéis
Bás854 (Féilire Ghréagóra)
Ríthe na Laighean
Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
TeaghlachUí Mhuireadhaigh Cuir in eagar ar Wikidata
AthairMuireadach mac Brain Ardchinn
SiblínDúnlaing mac Muireadaigh

Is doiléir iad na ríliostaí Laighneacha sa tréimhse seo. Sa Leabhar Laighneach, tagann Lorcán i gcomharbacht ar Ruarc mac Brain (bás 862) Uí Dhúnchada agus Tuathal mac Maoilbhríde (bás 854) i gcomharbacht airsean. Dar leis na liostaí ann, bhí réimeas 9 mbliana ag Ruarc (c. 838-847) agus 3 bliana ag Túathal (c. 851-854). Dá mba fhíor, bheadh Lorcán i réim c. 847-851.[3] Molann Francis John Byrne gurb í cúis an mhearbhaill seo ná gur lag a bhí ríthe Uí Dhúnlainge ag an am de bharr cumhacht a gcomharsan, Cearbhall mac Dunlaing (bás 888), rí na nOsraí, cé nach ndearna rí Laigean de féin riamh.[4]

Ina thásc sna hannála don bhliain 854, insítear gur maraíodh go fealltach é ag a mhuintir féin. Ní thugtar dó ach an teideal rí Uí Dhúnlainge.[5]

Foinsí cuir in eagar

  • Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Byrne, Tábla 9
  2. Byrne, corrigenda, lch. xxiv
  3. Leabhar Laighneach, Rig Lagen
  4. Byrne, lch. 163
  5. Annála Uladh, AU 854.1