Dúnlaing mac Muireadhaigh
Rí na Laighean de rítheaghlach Uí Dhúnlainge ba ea Dúnlaing mac Muireadhaigh (Sean-Ghaeilge Dúnlaing mac Muiredaig (bás 869). Muireadhach mac Brain Ardchinn (bás 818), iar-rí, ba ea a athair.[1] Bhí sé i gcoróin ón mbliain 863 go dtí 869.
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 869 |
Ríthe na Laighean | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | monarc |
Teaghlach | |
Teaghlach | Uí Mhuireadhaigh |
Páiste | Ailill mac Dúnlainge |
Athair | Muireadach mac Brain Ardchinn |
Siblín | Túathal mac Máele-Brigte |
Is doiléir iad na ríliostaí Laighneacha sa tréimhse seo. Idir na blianta 838-871, ní fheictear an teideal rí Laigean i nAnnála Uladh. Níl tásc Dhúnlainge le fáil sna hannála úd, cé go bhfaightear é i n-annála eile.[2] Molann Francis John Byrne gurb í cúis an mhearbhaill seo ná gur lag a bhí ríthe Uí Dhúnlainge ag an am de bharr cumhacht a gcomharsan, Cearbhall mac Dunlaing (bás 888), rí na nOsraí, cé nach ndearna rí Laigean de féin riamh.[3]
Sa bhliain 868, deirtear sna hannála go raibh na Laigin ar an bhfód i dteannta le hUí Néill Bhreá agus Lochlannaigh ag Cath Cell Ua nDaigri ar inbhear na Bóinne. Chloígh an tArdrí Aodh Fionnliath (bás 879) iad uile.[4] Ní luaitear ámh Dúnlaing féin maidir leis an eachtra seo.
Rí Laigean ba ea mac leis, Ailill (bás 871). Rí Iarthair Life ba ea mac eile Cairbre (bás 884).
Foinsí
cuir in eagar- Corpus of Electronic Texts
- Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
Naisc sheachtracha
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Byrne, Tábla 9
- ↑ Chronicum Scotorum, CS 869
- ↑ Byrne, lch. 163
- ↑ Annála Uladh, AU 868.4