Cormac mac Cuileannáin

(Athsheolta ó Cormac mac Cuilennáin)

Rí na Mumhan agus easpag ba ea Cormac mac Cuilennáin (bás 13ú Meán Fómhair 908). Bhí sé i réim ón mbliain 902 go dtí a bhás ag Cath Bhealach Múna sa Laighean, ag iarraidh is amhlaidh chumhacht ríthe ní Mumhan a athbhunú.

Infotaula de personaCormac mac Cuileannáin

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith9 haois
Caiseal Cuir in eagar ar Wikidata
Bás13 Meán Fómhair 908 (Féilire Ghréagóra)
Siocair bháisTitim de chapall
Rí na Mumhan
902 – 908
← Finguine Cenn nGécan mac LoégairiFlaithbertach mac Inmainén →
Easpag
Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmsagart, Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaGlúin an 10ú aois
TeangachaAn Ghaeilge
Ardú
Lá féile13 Meán Fómhair Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileGormflaith ingen Flann Sinna Cuir in eagar ar Wikidata

Measadh tae éis a bháis gur phearsa naofa é Cormac, agus dúradh gur tharla míorúiltí ag scrín ag Díseart Diarmada, Contae Chill Dara. Deirtear fosta gur scoláire mór é, luaite mar scríbhneoir an tsaothair, lSanas Cormaic, matáin le Saltair Chaisil anois caillte, i measc eile. Is amhrasach é gur fíor iad na nósanna seo uile. Tá a lá féile ar an 14ú Meán Fómhair.[1] deartha ag Sarah Purser agus déanta ag Alfred Ernest Child[2]

Cúlra cuir in eagar

Príomhalt: Ríthe Éireann

Le linn aimsir Chormaic, bhí an tír roinnte ina tuatha beaga, 150 san iomlán b'fhéidir, le hachar sa mheán de 500 ciliméadar cearnach agus daonra 3000, ach ba mhór iad na héagsúlachtaí sna méideanna sin. De nós ach ní i gcónaí, bhíodh rí, easpag agus cúirt ag gach tuath. Bhíodh scata tuath faoi cheannas rí ruire amháin, agus iad siúd faoi cheannas ríthe na gcúigí móra: Connacht, Laighean, Uladh, ríocht na Mí agus Mumhain. Is féidir ríthe Uí Néill an Tuaiscirt agus an Deiscirt a chur san áireamh.

 
Ríochtaí agus dreamanna in Éirinn; faoi aimsire Chormaic, bhí Osraí faoi cheannas na Laighean Leinster, cé go mbeadh sé arís i gcomhaontas le ríocht na nEoghanacht faoi bhás Chormaic

As ríthe na gcúigí, thoghadh Ardríthe na hÉireann, ríthe deasghnácha tráth dá raibh, ach le cumhacht a bhí ag dul i méid sna 8ú agus 9ú haoiseanna.[3] Agus Cormac i réim, Flann Sinna, ball de Chlann Cholmáin, Uí Néill an Deiscirt, ba ea an tArdrí.

Le linn ré na Lochlannach, lonnaigh na dreamanna úd feadh an chósta. D'éirigh siad lag áfach nuair a scrios réamhtheachtaí Fhlainn, Aodh Fionnliath, a lonnaíochtaí ar an gcósta thuaidh. Chuir comhghuaillithe Fhlainn an ruaig orthu as Áth Cliath sa bhliain ina ndearnadh rí de Chormac.[4]

De réir na nginealach, na bhall d'Eoghanacht Chaisil é Cormac, ach de mhion ghéag den chlann thábhachtach seo. Deirtear gur sliochtach den 11th glúin é d'Aonghas mac Nadh Fraoigh, nach raibh duine dá mhuintir san áireamh mar ríthe Chaisil. Is é de bharr seo go meastar gur iarrthóir comhréitigh é, maraon le rí-easpaig eile den 9ú haois.[5]

Insítear i nAnnála na gCeithre Máistrí, cnuasach den 17ú haois bunaithe ar ábhair níos luaite ach ina measc neamhiontaofa, gur múineadh Cormac ag Snedgus Dhíseart Diarmada.[6][7] Maítear i bhfoinsí níos deireanaí go raibh sé geallta nó pósta le Gormlaith ní Fhlainn Sionna, ach gur thóg sé móid aontumha. Molann Russell gur bréagstair atá ann, agus dar le Byrne, tá mearchuimhne ann de scéalta bhandia an fhlaithis.[8][9]

Is cinnte é gurbh easpag é Cormac, roimh agus le linn a ríogachta, ach ní fios go cruinn cén chathaoir a bhí aige, Caiseal b'fhéidir, é sin nó Imleach.

Rí-Easpag cuir in eagar

Roghnaigh Cormac mar rí na Mumhan tar bhás Finghin Ceann Géagán, maraithe go fealltach de réir Annála Uladh, agus ag Cineál Chonaill Chaisil, géag d'Eoghanacht Chaisil, dar le hAnnála Inis Faithlinn.[10][11] Glaoitear i nAnnála Inis Faithlinn air: "in t-uasalepscop & in macc óg" (an t-uasail easpag agus an t-aontumhach [ógh]).[12]

D'fhéadfadh é go ndearnadh Cormac iarracht, údarás ríthe na Mumhan ar na Laigin a fháil ar ais, agus fosta bheith ina Ardrí. Tá craiceann an tuaiscirt agus ar son Uí Néill ar an stair i bhformhór na bhfoinsí atá ar marthain, claonta in aghaidh na nEoghanacht.[13][14] Tuairiscítear ach amháin i nAnnála Inis Faithlinn (de chuid an deiscirt) don bhliain 907 go raibh Cormac ar feachtas in éadan na gConnacht agus Ríocht na Mí, inár chloígh sé Flann Sionna. Insítear iontu siúd fosta go raibh cabhlach aige ag triall ar ord Chormaic ar an Sionainn a ghabh Cluain Mhic Nóis.[15][16]

Cath Belaig Mugna cuir in eagar

Sa bhliain 908, cruinníodh arm ag Cormac agus a phríomhchomhairleoir agus abb Inis Cathaigh, Flaithbheartach mac Ionúinín, in aghaidh na Laigin, a raibh a rí Cearbhall mac Muireacáin ina mac chéile agus chomhghuaillí buan Fhlainn Sionna. Tá mionchuntas ar an eachtra seo, le fáil i nAnnála Easpacha na hÉireann, tiomsaithe san 11ú haois, scríofa b'fhéidir le cuimhne na ndaoine, ar son Dhonnchadha mhic Giolla Pádraig, rí Osraí agus na Laigean.[17]

Agus Flaithbheartach ag marcaíocht trí champa an airm, thuisligh a chapall agus chaith é chun talaimh. Ní raibh de mhisneach ag fir na Mumhan de dheasca an drochthuar seo. Agus an scéala seo ar an eolas aige, mhol Cearbhall socrú idirbheartaithe. D'íocfadh na Laigin cáin agus ghéillfidís gialla, ach thógfaí na gialla do Móenachem, abb Dhíseart Diarmada. Bhí Cormac sásta é seo a glacadh, ach sásta ní raibh Flaithbheartach — 'saoi oilc' Chormaic.[18] D'áitigh sé ar Chormac troid, in ainneoin chreideamh an rí go marófaí é.[19][20][21]

De bharr seo, agus an scéala go raibh Flann agus Uí Néill tagtha chun tacú le Cearbhall, tharla tréigean as arm Chormaic, ach chuaigh sé chun catha mar sin féin. Bhuail sé le Cearbhall agus Flann ag Bealach Múna. Insítear i nAnnála Easpacha: "as ettreabhair anorduightheach dno tangattar fir Mumhan dochum an chatha". Ba ghearr gur imigh siad ag líne agus theith an fód. Maraíodh go leor acu, Cormac ina measc, óir gur briseadh a mhuinéal tar éis dó titim dá chapall. Gabhadh Flaithbheartach.[22][23][24][25][26][27]

Baineadh a cheann de Chormac agus tugadh é chuid Flann Sinna. Insítear i nAnnála Easpacha:

‘As olc imorro,’ ad-rubhairt Flann riu-siomh, & ní buidheachas do rad dhóibh. ‘Mór an gniomh,’ ar sé, ‘a cheann do ghoid don epscop náomh; a onóir imorro as eadh do ghén-sa, & ní a foirdhing.’ Ra ghabh Flann an ceann 'na laimh, & ro phóg é, do rad 'na thimchioll fo thrí an ceann coisreaca, & inn fhíormairtireach.
"Is olc é seo," a dúirt Flann leo, agus ní buíochas a thug sé dóibh. "Mór an gníomh," ar sé, "a cheann a bhaint den easpag naofa; a onóir is ea a dhéanfaidh mé, agus ní a fhordhingeadh."[28] Ghabh Flann an ceann ina láimh, agus phóg é, agus rug sé ina thimpeall faoi thrí an ceann coisricthe, agus an fíormhairtíreach.[29][30]

I ndiaidh bhás Chormaic, is amhlaidh go raibh an Mumhain gan rí le roinnt bliana, go dtí gur roghnaíodh Flaithbheartach mac Ionúinín, iarrthóir comhréitigh eile sa chás seo.[31]

Naomh agus scoláire cuir in eagar

Measadh de réir foinsí comhaosaigh gur naomh é Cormac. Insítear i nAnnála Easpacha na hÉireann gur adhlacadh é ag Dísert Díarmada, ag rá:

corp Cormaic ... a n-dénann fearta & miorbhaille.[32][33]
 
Íocón Cheartchreidmheach an Oirthir ag léiriú naoimh Chormaic, le hAidan Hart.

Tugann ardmholadh do Chormac sna hAnnála Easpacha, ag lua chlú a chuid scoláireachta agus cráifeachta:

Saoí na Gáoidhilge & na Laidine, an t-airdepscop lánchraidhbheach láiniodhan, miorbhulda i n-geanus & i n-earnaighthe, an saoí reathardhachda, & gach eagna, gach feassa, & gach eolais, saoi filiachta & fhoghluma, ceann desheirce, & gach sualcha, & saoí foircheadail, airdrí da choigeadh Mumhan uile re ré
Saoi na Gaeilge Irish agus na Laidine, an t-ardeaspag lánchráifeach agus lán-íon, míorúilteach i ngeanas agus i n-urnaí, saoi rialaithe agus gach eagna, gach feasa, gach eolais, saoi filíochta agus foghlama, ceann déirce agus gach suáilce, saoi foirceadail, ardrí dhá chúige na Mumhan uile dá ré[34]
 
Painéal ar bhun na Croise Thuaidh ag Áth Eine, Contae Thiobraid Árann, ar theorainn na Mumhan agus Osraí, a léiríonn sochraid a mheastar scaití gur Cormac atá ann.[35]

Tá roinnt saothar ann atá nasctha le Cormac. Tá Sanas Cormaic ann, gluais le focail Gaeilge casta ar nós Isidore Seville. Cé go dtéann bunleagan an téacs siar go dtí ré Cormaic, ní léir é cé na ea an tiomsaitheoir. Tá Saltair Chaisil (anois caillte) agus Leabhar na gCeart ceangailte le Cormac freisin. Mar a chaomhnaítear inniu iad, is dóigh gur d'aimsir Mhuirchertaigh Uí Bhriain iad.[36][37] Luann Liam Breatnach Amra Senáin le Cormac.[38]

Ginealach cuir in eagar

Cormac mac Cuilennáin mhic Sealbaigh mhic Ailgile mhic Eochadha mhic Colmáin mhic Dúnchadha mhic Duibh Indreacht mhic Faradráin mhic Eochadha mhic Breasail mhic Aonghas mhic Nadh Fraoigh mhic Coirc.[39]

Foinsí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. St. Cormac of Cashel, King & Bishop, Celtic Saints
  2. "Gazetteer of Irish Stained Glass" (1988). Baile Átha Cliath: Irish Academic Press. 
  3. Byrne, Irish Kings, ll. 46–47.
  4. Ó Cróinín, Early Medieval Ireland, ll. 254–256.
  5. Byrne, Irish Kings, ll. 214 & 292.
  6. Russell, "Cormac"
  7. Annála na gCeithre Máistrí, ACM 885.11.
  8. Russell, "Cormac"
  9. Byrne, Irish Kings, lch. 164.
  10. Annála Uladh, AU 902.1
  11. Annála Inis Faithlinn, AI 902.1.
  12. AI 901.3.
  13. Hughes, Early Christian Ireland, ll. 136–137
  14. Byrne, Irish Kings, lch. 203.
  15. Russell, "Cormac"
  16. AI 907.1, 907.3 & 907.4.
  17. Wiley, "Cath Belaig Mugna".
  18. Byrne, Irish Kings, lch. 214
  19. Wiley, "Cath Belaig Mugna"
  20. Russell "Cormac"
  21. Annála Easpacha na hÉireann, FA 423.
  22. Wiley, "Cath Belaig Mugna"
  23. Russell "Cormac"
  24. FA 423
  25. Annála Uladh, AU 908.3
  26. Annála Inis Faithlinn, AI 908.2
  27. Annála na gCeithre Máistrí, ACM 903.7.
  28. fordhing, brúigh síos, ar teanglann.ie
  29. FA 423
  30. Byrne, Irish Kings, ll. 214–215, a thugann faoi ndeara gur mhairtíreach é gach cléireach a d'eagadh d'anbhás.
  31. Byrne, Irish Kings, lch. 204.
  32. Annála Easpacha na hÉireann, FA 423
  33. Dumville, "Félire Óengusso", lch. 36.
  34. FA 423.
  35. Crawford, Irish Carved Ornament, léaráid ui. 150 agus léirmheas ar ll. 73–74.
  36. Russell, "Cormac"
  37. Byrne, Irish Kings, lch. 192.
  38. Breatnach, Liam, “An edition of Amra Senáin”, in: Ó Corráin, Donnchadh; Liam Breatnach agus Kim R. McCone (eag.), Sages, saints and storytellers: Celtic studies in honour of Professor James Carney, Maynooth Monographs 2, Maigh Nuad: An Sagart, 1989, ll. 7–31.
  39. Byrne, Irish Kings, lch. 292.