I seanscéalta bunúsacha na nEoghanacht, sinsear agus laoch ba ea Corc mac Luigthig (rugadh 340), aitheanta chomh maith mar Chonall Corc, Corc Chaisil, agus Corc mac Láire.

Infotaula de personaCorc mac Luigthig
Beathaisnéis
Breith340 (Féilire Ghréagóra)
Bás379
38/39 bliana d'aois
Rí na Mumhan
Nad Froích mac Cuirc → Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairm Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse ama4ú haois
Teaghlach
TeaghlachEoghanachta Cuir in eagar ar Wikidata
CéileAimend Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteNad Froích mac Cuirc, Cairbre Luachra mac Coirc, Cairpre Cruithneachán Cuir in eagar ar Wikidata

Tá na hEoghanachta ainmnithe as sinsear Chonaill, Eoghan Mór. Is iad na Deirgtine an dream ársa a raibh siad gaolta leis.

Beathaisnéis cuir in eagar

Is amhlaidh gur gharmhac Ailealla Fhlainn Bhig an ea é, agus colanna ceathrar is dóchúil iad Dáire Cearba agus Criomhthann mac Fiadhaigh. Ba é an dara duine a chéile comhraic i scéalaíocht cáiliúil.

Is doiléir é áfach ainm agus céannacht athair Chonaill. Cé gur cinnte é gur bhall desna hEoghanachta é, ainmnítear é sna ginealaigh go neamhsheasmhach mar LugaidLáire. I bhfoinse ar leith, Laud 610, deirtear gur athair Criomhthainn é Láre Fidach áirithe, ach más fíor, bheadh eisean agus Chonall ina ndeartháireacha, rud atá sách dochreidte. Sna seanscéalta, is é Criomhthann a chol ceathrair nó uncail. Tháinig David Sproule ar an bhfadhb, ag moladh gurbh é Lugaid Láre athair Chonaill, agus go bhfuil locht i nginealach Laud agus/nó nár léadh i gceart é.

Bhí beirt bhan chéile ag Conall. Duine amháin acu ab ea Aimend iníon Aonghasa Boilg, rí Corca Laidhe. Iníon rí na gCruithneach ab ea an dara acu, agus deirtear sna ginealaigh gurbh Mongfind í, cé gur meascadh í is dócha le banríon Ghaelach, arbh fhéidir é gur dheirfiúr Criomhthainn í.

I measc na scéalta ginealaigh faightear:

  • Senchas Fagbála Caisil
  • Conall Corc 7 Ríge Caisil
  • Comthoth Lóegairi co cretim 7 a aided
  • Conall Corc 7 Corco Loígde

Foinsí cuir in eagar

Tuilleadh le léamh cuir in eagar

  • Sproule, David, "Origins of the Éoganachta", in Ériu 35 (1984), ll. 31–37.
  • —, "Politics and pure narrative in the stories about Corc of Cashel", in Ériu 36 (1985), ll. 11–28.

Tagairtí cuir in eagar

Réamhtheachtaí
ní fios
Rí Caisil
4ú haois
Comharba
Nad Froích mac Cuirc