Téacs meánaoiseach is ea Seanchas Fála Chaisil (Sean-Ghaeilge Senchas Fagbála Caisil) a insítear an scéal faoi bhunúis ríogacht Chaisil. Tá dhá leagan atá ar marthainn, san fhoinse chéanna. Measann Myles Dillon go dtéann an chéad chiud (§§ 1-3) siar go dtí an 8ú haois, agus an dara chuid (§§ 4-8) go coinníollach go dtí an 10ú haois.[1][2]

FianaiseCuir in Eagar

Caomhnaítear téacs na leaganacha ach amháin sa Seanchas Mór[3] in Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Déantar tagairt fhánach don scéal i Leabhar na gCeart.[4]

AchoimreCuir in Eagar

An chéad leagn, §§ 1-3Cuir in Eagar

Bhí Duirdriu, muicí rí Éile, agus Cuirirán, muicí rí Mhuscraí, ag tabhairt measa dá gcuid muc i gcoillte Caisil nuair a thit a chodladh orthu. Bhí fís acu ansion, ina raibh aingeal Dé ag beannacht an chéad rí Caisil, Conall Corc mac Luigdech, agus ríthe Eoghanachta na Mumhan dá shliocht. Agus an scéal seo inste aige dá rí féin, Conall mac Nenta Con, fuair Duirdriu na tailte timpeal Caisil agus dhíol sé do Chonall Corc iad. Is é de bharr seo go raibh ceart seacht gcumhal tugtha dá shliocht, Uí Duirdrenn, ag an rí Caisil. Tugtar ansin liosta ríthe ó Chonall Corc go Dub Lachtna (9ú haois), i dteannta le roscaireacht darb ainm Dicta Cuirirán Muiceda.

An dara leagan, §§ 4-8Cuir in Eagar

Oíche amháin, d'fhan dhá mhuicí, Duirdriu agus Cuirirán ag Clais Duirdrenn, taobh ó thuaidh de Chaiseal. Bhí fís fháidhiúil acu beirt, ina bhac siúd teacht Néimh Phádraig go hÉirinn. An oiche dar gcionn, bhí dara dtús acu, they enjoyed a magnificent feast agus d'fhógair aingeal go mbronnfaí ríogacht na Mumhan ar an gcéad duine a lasfadh tine ar Chaiseal. D'inis Cuirirán scéal a fhíse do Chonall Corc, mac rí na Mumhan, a rith gan mhoill chun tine a lasadh ag Dún Coirc i gCaiseal. D'eagraigh sé ann fleá fhlaithiúil, an chéad cheann ar Chaiseal. Ar iarratas Choirc, chuaigh na muicithe chuig a ríthe féin, um cuireadh chun na fleá a thabhairt dóibh. Ag Fíad Duma in Muiceda, d'inis Druidriu [sic in ionad Duirdriu] an scéala do Chonall rí Éile. Dheimhnigh na draoithe an scéal, ar an drochuair dó, óir go raibh na tailte i seilbh a ríochta. Dá bharr, mháirseáil Conall ó dheas go Caiseal. Ar a theacht ann, ámh, cuireadh fáilte roimh Chonall. Ar a iarratas, thug Druidriu beannacht ainglí do Chorc agus d'fhógair sé é mar rí na Mumhan. As ucht seo, bhronn Corc luach a shaothair ar an muicí. Ón am sin i leith, bhíodh sé de cheart ag Uí Druidrenn gach rí nua Caisil a fhógairt, agus thugtaí seacht gcumhala dóibh mar chúiteamh. Chosnódh an bheannacht i dteannta sin ríthe Caisil ar anbhás mura dhéanfaidís faillí ina gcuid dualgas fhírinne agus cheart dlí (cf. fír flathemon). Leanann an téacs ar aghaidh, ag insint gur tharla seo seasca bliain roimh bhaisteadh Aonghasa mhic Nadha Fraoigh le Naomh Pádraig; agus gur chuir Aonghas "Cáin Bhaisteadh Phádraig" tri-bhliaintiúil i bhfeidhm sa Mhumhain, a gearradh go dtí réimse rí Chormaic.

FoinsíCuir in Eagar

  • Dillon, Myles (eag. agus aistr.), "The Story of the Finding of Cashel." Ériu 16 (1952): 61-73 H 3.17. Faightear ábhair le haghaidh eagrán Dillon sna hiriseáin a leanas:
    • Hull, Vernam, "Two passages in The Story of the Finding of Cashel." Zeitschrift für celtische Philologie 30 (1967). 14-6.
    • Hull, Vernam, "Varia Hibernica, no. 2: móaigid." Celtica 5 (1960): 136–7.
    • Hull, Vernam, "Notes on Irish texts, no. 3: A passage in Senchas fagbála Caisil." ZCP 29 (1962/64): 187–8.
  • Dillon, Myles (eag. agus aistr.). Lebor na Cert. The Book of Rights. Irish Texts Society 46 (1962).
  • Lebor na Cert ar CELT.

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. Dillon, "The Story of the Finding of Cashel." ll. 63-4.
  2. Iontráil Senchas_fagbála_Caisil_ocus_beandacht_ríg ar CODECs
  3. Seanchas Mór, Ollscoil na Tróinide, LS 1336, cód seilf H. 3.17, V, coll. 768 – 773
  4. Dillon, Lebor na Cert. ll. 2-5.