Osclóidh seo an príomhroghchlár

Cónaidhm dreamanna san Albain thoir agus thuaidh ab ea Cruithnigh i rith tréimhsí Iarannaois déanach na Breataine agus luath-meánaois na hAlban roimh theacht na nGael. Bhí cónaí orthu ó thaoibh thuaidh desna haibhneacha Foirthe agus Clyde. Bhí an cháil orthu go gcuiridís dathanna ar a gcoirp.

Ní mór ár n-eolas ar na Cruithnigh, ná ar a dteanga, cé go ndéanann foinsí Gaelacha agus Rómhánacha trácht orthu. Is féidir a gcríocha agus a gcultúr a thuiscint as téacsanna dá leithéid agus Galláin Chruithneacha. Mar shampla, feictear a n-ainm Laidine, Picti, i dtaifid scríofa ón Seandacht go dtí an 10ú haois.

The Aberlemno, Lia na Nathar, Gallán Cruithneach, Cineál I, le siombailí Cruithneacha, le feiceáil (ó bharr go bun) an nathair, an dá dhiosca agus Z-slat, agus sciathán agus cíor.
Cóip ón 19ú haois de plaic airgid ón taisce Norrie's Law, Fife, le dá-dhiosca agus Z-slat

TeangaCuir in Eagar

Tugann foinsí na meánaoise le fios go raibh teanga ar leith acu, .i. Cruithnis. Creidtear inniu gur theanga Cheilteach na nOileán a bhí ann, gaolmhar go gar leis an mBriotainic labhartha ag na Briotanaigh ina gcónaí ó dheas, ach tá díospóireacht leanúnach fós ann faoin teanga a labhair siad.[1][2][3]

TagairtíCuir in Eagar

  1. The language of the Picts ar orkneyjar.com
  2. Language in Pictland, Katherine Forsyth, 1997 (PDF)
  3. Forsyth, Literacy in Pictland, Forsyth, 1998 (PDF).