Inis Cathaigh

baile fearainn i gContae an Chláir

Is oileán í Inis Cathaigh[1] (Scattery island),[2] amach ó bhruach thuaidh Inbhear na Sionainne. B'é Cathach an t-ainm a bhí ar an ollphéist a bhí ann fadó.[3] Tá Teampall an Chnoic thuas ar thalamh ard, an áit, de réir an tseanchais, ar fhág aingeal Seanán ionas go n-aimseodh sé – agus ansin go ruaigfeadh sé – an ollphéist mhara uafásach, an Cathach sa 6ú haois.[4]

Bosca Geografaíocht PholaitiúilInis Cathaigh

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 52°36′41″N 9°31′06″W / 52.6114919°N 9.5184616°W / 52.6114919; -9.5184616
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Mumhan
Contae in ÉirinnContae an Chláir Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán0 Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús0 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla0.761 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Tomhas0.74 km Cuir in eagar ar Wikidata (Amplada) × 1.6 km Cuir in eagar ar Wikidata  (Llargada) default
Suite i nó in aice le limistéar uisceInbhear na Sionainne Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú6 haois
Logainm.ie7214
teach solais

Tá Ard na nAingeal, an cnoc is airde ar Inis Cathaigh, 68 méadar os cionn leibhéal na farraige

bataire gunna ó ré Napoleon

Stair cuir in eagar

Is suíomh lonnaíochta luath-Chríostaí í Inis Cathaigh. Thóg Naomh Seanán, a rugadh sa cheantar seo, an mhainistir go luath sa séú haois. Bhí cloigtheach ollmhór mar chuid di, atá 36 méadar ar airde, agus é ar cheann de na cloigthithe is airde in Éirinn.

Tá fothraigh de shé theampall ar an suíomh chomh maith. Tá Teampall an Chnoic thuas ar thalamh ard, an áit, de réir an tseanchais, ar fhág aingeal Seanán ionas go n-aimseodh sé – agus ansin go ruaigfeadh sé – an ollphéist mhara uafásach, an Cathach. Creidtear go bhfuil Seanán curtha in aice le ceann eile de na teampaill mheánaoiseacha.

 
fothracha (cloigtheach agus eaglais)

Rinneadh ionradh ar Inis Cathaigh mórán uaireanta thar na haoiseanna.[4] Chreid na Lochlannaigh go háirithe go raibh maoin agus rachmas sa mhainistir agus chuaigh siad ar ais arís agus arís eile chun slad a dhéanamh uirthi.[5]

Tá bataire gunna ó ré Napoleon.

Cuairt cuir in eagar

Is féidir dul chuig an oileán ar thuras gearr báid inniu, ó Chill Rois, Co. an Chláir.

Tá fothraigh de shé theampall ar an suíomh.

Tá turas treoraithe ann, a chríochnaíonn san ionad cuairteoirí, Lárionad Inis Cathaigh, sean-teachín oileáin ina bhfuil earraí ar taispeáint, lena n-áirítear cloch oghaim. Le cairt dathúcháin, cuirfear siamsaíocht ar fáil do leanaí. Tógann an chuairt iomlán timpeall ar dhá uair go leith.

 
cloigtheach

teach solais ann atá fós ag feidhmiú.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Inis Cathaigh/Scattery Island | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  2. "Inis Cathaigh/Scattery Island" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2021-03-08.
  3. "An Chros (B), Cill Chaoi | The Schools’ Collection" (en). dúchas.ie. Dáta rochtana: 2021-03-08.
  4. 4.0 4.1 "Lárionad Inis Cathaigh | Oidhreacht Éireann". heritageireland.ie. Dáta rochtana: 2021-03-08.
  5. Peadar Ua Laoghaire, (CorkIrish) "Bhí seilbh ag Lochlannaigh in Inis Cathaigh an uair sin agus ar feadh mórán aimsire roimis sin. Bhíodar tar éis na manach a dhíbirt as an oileán agus iad féin do dhaingniú ann, agus bhí an áit caothúil adhsáideach acrach acu, lámh le farraige agus lámh le tír. An sochar agus an saibhreas a bheiridís leó as an dtír mórthímpall, le guid agus le fuadach agus le creachadh, chimeádaidís ar an oileán é go dtí go dtagadh na loingeas agus go bhféadaidís é ’ chur soir abhaile nú é ’ dhíol, nú é ’ mhalairtiú ar bhia nú ar éadach nú ar arm, nú ar pé nithe eile a bhíodh ag teastabháil uathu.". ""Niamh"". Dáta rochtana: 2021.