Naomh Seanán
naomh Éireannach agus easpag sa 6ú haois i gContae an Chláir
(Athsheolta ó Seanán)
Easpag sa 6ú haois i gContae an Chláir ab ea Naomh Seanán.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 488 (Féilire Ghréagóra) |
Bás | 560 (Féilire Ghréagóra) 71/72 bliana d'aois |
Ab | |
Easpag | |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | An Eaglais Chaitliceach Rómhánach |
Gníomhaíocht | |
Gairm | sagart Caitliceach, easpag Caitliceach |
Ball de | |
Teangacha | Béarla |
Ardú | |
Lá féile | 8 Márta 1 Márta |
Is in aice le Cill Rois i gContae an Chláir a rugadh Seanán. Feirmeoirí rathúla a bhí ina mhuintir.[1] De réir cosúlachta, ba iad na heachtraí contúirteacha ar muiras a dtáinig sé slán a spreag é le dul faoi chuing chrábhaidh. I dtús báire chaith sé seal mar mhac léinn i mainistir Chill na Manach.
In Inis Cathaigh i ngar do Chill Rois a bhí a phríomhmhainistir.
Bhí Seanán ina anamchara ag Naomh Breandán agus ag Naomh Ciarán Chluain Mhic Nóis.
D’éag an naomh timpeall 544-560 agus cuireadh é i Leaba Sheanáin in aice Teampaill Sheanáin, séipéal beag Rómhanúil ón 12ú haois
Ceiliúrtar Lá Fhéile Seanáin Inse Cathaigh ar an 8 Márta.[2]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ "Naomh Seanán, easpag: Márta 8 | Cumann na Sagart". www.cumannnasagart.ie. Dáta rochtana: 2021-03-08.[nasc briste go buan]
- ↑ Sabhal Mor Ostaig. "Féilte". Dáta rochtana: 2021.
Is síol faoi chreideamh é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Is síol faoi Oileán na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |