Mar is léir ón ainm féin, ba thúr do chlog a bhí sa chloigtheach go bunúsach. Meastar go minic gur ionaid chosanta a bhí iontu in aghaidh ionsaithe na Lochlannach, ach is léir gur beag an mhaith a bheadh ina leithéid mar chosaint. Tógadh iad de ghnáth in aice le séipéal nó mainistir, agus bhíodh an doras ar aonlíne de ghnáth le doras thar an phríomhshéipéil. Is féidir a fháil amach ar an dóigh seo cá bhfuil iarsmaí séipéil nuair nach bhfuil siad le feiceáil ar an láthair níos mó.

Cloigtheach i gCluain Mhic Nóis, Éire.

In Éirinn agus in Albain atá cloigthithe le fáil, agus tógadh a bhformhór idir an 9ú agus an 12ú haois. Measadh gur tógadh iad mar thúir faire agus cosanta, go mbíodh faireoir ann chun amhrac amach do longa na Lochlannach agus rabhadh a thabhairt don phobal, agus go dteitheadh na daoine suas sa túr ansin. Ach ní léir go mbeadh aon úsáid phraiticiúil iontu mar go mbeadh sé ródheacair dréimire a tharraingt aníos tríd an doras a bhíonn tamall suas ón talamh de ghnáth, agus bheadh sé furast na daoine a mharú istigh iontu le deatach mar go raibh leagan amach ar nós simléir orthu. Meastar go raibh struchtúir adhmaid tógtha in aice leis na cloigthithe, agus fuarthas iarsmaí chuaillí le linn tochailtí a dhearbhódh é sin. Úsáideadh iad chun earraí luachmhara a stóráil agus chun daoine a ghlaoch chun aifrinn trí chloig a bhualadh.

Tá na cloigthithe idir 18 agus 40 méadar ar airde, agus is é an ceann ag Cill Mhac Dua an ceann is airde in Éirinn. Tháinig athrú ar an stíl thógála le himeacht na mblianta, cloch gharbh á úsáid ar dtús agus níos mó saoirseachta le feiceáil níos déanaí. Bíonn an doras idir dhá mhéadar agus sé mhéadar os cionn na talún, agus ní fhéadfaí dul suas ach le dréimire. Bhíodh urláir adhmaid iontu, idir dhá cheann agus ceithre cinn, agus dréimirí eatarthu. Scoilteanna caola sa bhalla a bhí sna fuinneoga. Díon cloiche a bhíodh orthu chomh maith, agus leagadh a lán acu sin le himeacht na mblianta le tintreach. Timpeall 120 cloigtheach a bhí in Éirinn, agus is fothraigh a bhformhór anois. Tá beagnach fiche cloigtheach ar fud na tíre i ndeachuí áfach, ceann an-cháiliúil i nGleann Dá Loch, ceann i gCluain Dolcáin i mBaile Átha Cliath, agus ar Loch Éirne. Tá cloigtheach le feiceáil ar thailte na hardeaglaise ag Brechin in Albain.