Géag Eoghanachta na Mumhan, a bhí i gceannas i gcaitheamh na 5ú-10ú haoiseanna, ab ea an Eoghanacht RaithlinnUí Eochach Mumhan. Ainmnithe as Raithleann atá siad, ceantar thart timpeall Droichead na Bandan. Creideann seandálaithe go bhféadfadh sé go mbeadh Ráth an Gharráin, i bparóiste Theampall Mártan gar de Bhandain, é ríchathaoir na hEoghanachta Raithlinn. De shliocht Eochaid mac Cais mhic Conaill Choirc atá siad.

Stair cuir in eagar

Sa 6ú haois, scar an chlann Uí Eochach Mumhan ina dhá leath, Uí Laoghaire agus an Cineál Aodha (Sean-Ghaeilge Cenél nÁeda).

De shliocht garmhac Eochada, Aodh Ualgarbh mac Criomhthainn, ab ea an Cineál Aodha. Tá barúntacht Chineál Aodha i ndeisceart Chontae Chorcaí ainmnithe astu. Fo-chalnn thábhtacht an chineáil seo ab ea an Cineál Béice (Sean-Ghaeilge Cenél mBéicce), de shliocht Bhéic mhic Fearghasa, a bhfuil barúntacht Cineál mBéice ainmnithe as. In am trátha, Uí Mhathghamhna nó Uí Mhathúna ab ea iad. Ba bhall den ghéag seo ab ea Maol Muadh mac Brain.

De shliocht garmhac Eochada, Laoghaire mac Criomhthainn, ab ea an Cineál Laoghaire. Leath siad siar i dtreo Bheanntraí chomh luath is an 8ú haois. Príomhchlann níos deireanaí ina measc ab ea Uí Donnchadha, clann a lonnaigh níos deireanaí fós i gContae Chiarraí, agus a d'éirigh i gceannas ar an Eoghanacht Locha Léin. Seasann Ó Donnchadha na nGleann, Tiarna Ghleann Fleisce, fós i measc Uaisle Gaelacha na hÉireann.

Ní raibh baill den ghéag Raithlinn ach go hannamh ina rí na Mumhan. De réir an seanchais, fuair Mac Cas bás roimh a athair, agus thóg Conall Corc oidhreacht a mhic, agus chuir sé ina gcion a gharmhac féin, Echu, agus dá bharr ag cúr coisc orthu as ciorcal istigh na nEoghanacht.

Bhí an ghéag Raithlinn leath-neamhspleách i nDeasmhumhain, cé go bhféadfadh é go raibh siad faoi cheannas na hEoghanachta Locha Léin ó an go ham go déanach sa 6ú agus 7ú haoiseanna, agus iad i mbarr a gcumhacht. Ina dhiaidh sin ámh, bhain na hUí Dhonnchadha an lámh in uachtar amach sa cheantar úd, le cabhair ó Chaiseal féin.

Féach freisin cuir in eagar

Foinsí cuir in eagar

  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
  • Ireland's History in Maps le Dennis Walsh

Tagairtí cuir in eagar


Teimpléad:Munster