Áed Bennán mac Crimthainn

Rí na hIarmhumhan, agus b'fhéidir Rí na Mumhan, den Eoghanacht Locha Léin ba ea Aodh Beannáin Mac Criomhthainn (Sean-Ghaeilge Áed Bennán mac Crimthainn) (bás 618).[1] Ba gharmhac Dauí Iarlaithe mhic Mhaithne é, é siúd féin ina rí na Mumhan.[2]

Infotaula de personaÁed Bennán mac Crimthainn
Beathaisnéis
Breith5 haois ↔ 6 haois
Bás618
Rí na Mumhan
Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairm Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
PáisteMór Mhumhan, Maol Dúin mac Aodha Beannáin Cuir in eagar ar Wikidata

Níl na hannála ar aon intinn, agus Aodh is Finghin mac Aodha Dhuibh (bás 618) den ghéag Caisil á phlé acu. I nAnnála Tiarnaigh, insítear gur Rí na Mumhan é Aodh, i gcoróin roimh Fhinghin.[3] I nAnnála Uladh agus Annála Inis Faithlinn, ní thugtar teideal dó ina thásc.[4] I nAnnála na gCeithre Máistrí, níl sé ach rí na hIarmhumhan, ach insítear a leanas faoi:[5]

Aodh Bendan
don Eoghanacht Iarluachair
As mairg seoda dianad[6]
cenmair[7] tír dianat buachail.[8]

A sciath an tan fo-crotha
a bhíodhbhadha[9] futbotha[10]
Cesa beccan beth acht for a muin
as didiu don Iarmhumhain

Aodh Beannáin,
don Eoghanacht Iar-Luachair,
A mhairg seoda dá rí
Go maire tír dá chosantóir.

A sciath an tan[11] a croitheadh,
a naimhde a scanrú
Though it were ach ar a mhuin,
mar dhídean don Iarmhumhain

De réir an seanscéil Mór Muman & Aided Cuanach mac Ailchine, bhí a iníon Mór (bás 636) pósta le Finghin agus níos deireanaí lena chomharba Cathal mac Aodha (bás 627).[12] Sa chéad ghlúin eile, ba chúis achrainn idir na hEoghanachta Locha Léin agus Gleanndamhnach í iníon eile leis, Ruithchern.[13] Is dócha go gcuireann an cogadh seo in iúl cumhacht na ngéag seo, i gcomparáid le dreamanna eile amhail is an Chorca Laidhe, Corca Dhuibhne agus Ciarraí as Iarmhumhain; agus an Corca Mrua agus Corca Bhaiscinn as Tuadhmhumhain.[14]

Ba iad Maol Dúin mac Aodha Bheannáin (bás 661) agus Cummíne a mhic a bhfuil aithne againn orthu.

  • CELT: Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • The Chronology of the Irish Annals, Daniel P. McCarthy
  1. dátaí per The Chronology of the Irish Annals le Daniel P. McCarthy
  2. Francis John Byrne, Irish Kings and High-Kings, Tábla 15
  3. Annála Tiarnaigh, AT 618.3
  4. Annála Uladh, AU 619.3; Annála Inis Faithlinn, AI 620.2
  5. Annals na gCeithre Máistrí, M614.3
  6. díanad, copula, ar eDIL
  7. cían, fada, ar eDIL
  8. búachaill, cosantóir, ar eDIL
  9. bibdu (c), bíobha, namhad, ar eDIL.ie
  10. fo-botha, scanraithe, ar eDIL
  11. tan, nuair, ar teanglann.ie
  12. Byrne, lch. 205
  13. Wiley, Dan M., Cycles of the Kings
  14. Byrne, lch. 207