Maonach mac Finghin

rí Éireannach
(Athsheolta ó Máenach mac Fíngin)

Rí na Mumhan d'Eoghanacht Chaisil ba ea Maonach mac Finghin (Sean-Ghaeilge Máenach mac Fíngin) (bás 661[1]). Finghin mac Aodha Dhuibh (bás 618), iar-rí, ba ea a athair,[2] agus Mór Mumhan (bás 636), iníon Aodha Bheannáin mhic Criomhthainn d'Eoghanacht Locha Léin, a mháthair.[3] Tháinig sé i gcoróin i gcomharbacht ar Chúán mac Amhalghadha sa bhliain 641.[4] Níl tuairisc ar bith faoi le fáil sna hannála. Athair rí Mumhan níos deireanaí, Cormac mac Ailealla (bás 713), ba ea a mac, Aillil.

Infotaula de personaMaonach mac Finghin
Beathaisnéis
Bás661
Rí na Mumhan
641 – 661
← Cúán mac AmalgadoCathal Cú-cen-máthair → Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairm Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
AthairFinghin mac Aodha Dhuibh

Féach freisin cuir in eagar

Foinsí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. gach dáta as The Chronology of the Irish Annals le Daniel P. McCarthy
  2. Francis John Byrne, Irish Kings and High-Kings, Tábla 12
  3. An Leabhar Muimhneach, Rev.Eugene O'Keeffe, a deir fosta gur rí é a dheartháir Seachnasach, cé nach bhfeictear é i bhfoinsí eile
  4. Tugtar réimeas ach aon bhliain déag dó i Sioncronachtaí Laud.