Cathal Cú-cen-máthair
rí Éireannach
Rí na Mumhan d'Eoghanacht Ghleanndamhnach ba ea Cathal Cú-gan-mháthair mac Cathail (Sean-Ghaeilge Cathal Cú-cen-máthair mac Cathaíl) (bás 665). Bhí sé i réim timpeall ón mbliain 661 un go dtí a bhás. Cathal mac Aodha (bás c. 628) ba ea a athair.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 602 |
Bás | 665 62/63 bliana d'aois |
Siocair bháis | Plá |
Rí na Mumhan | |
661 – 665 ← Máenach mac Fíngin – Colgú mac Faílbe Flaind → | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | monarc |
Teaghlach | |
Teaghlach | Eoghanacht Ghleanndamhnach |
Páiste | Finguine mac Cathail, Ailill mac Cathail |
Athair | Cathal mac Áedo |
Tháinig Cathal i gcomharbacht ar Mhaonach mac Finghin d'Eoghanacht Chaisil. I ndán luaite le Luccrech moccu Chérai, faightear liosta dá shinsir ar ais go Ádhamh.
D'éag Cathal sa bhliain 665 de phlá a mharaigh go leor eile sna hannála Éireann. Sna ríliostaí, tháinig Colgú mac Faílbe Flaind d'Eoghanacht Chaisil, i gcomharbacht air.
Bhí ar a laghad beirt mhac ag Cathal, Finghin (bás 696) agus Ailill (bás 701). Feictear an bheirt acu sna hannála mar ríthe na Mumhan.
Foinsí
cuir in eagar- Byrne, Francis John, Irish Kings and High-Kings. Batsford, Londain, 1973. ISBN 0-7134-5882-8
Naisc sheachtracha
cuir in eagar- CELT: Corpus of Electronic Texts, san áireamh
- Annála Uladh
- Annála na gCeithre Máistrí
- Chronicon Scotorum
- Leabhar Laighneach
- maraon le Ginealaigh agus Naomhsheanchais
- A Poem on the Kings of the Eóganachta (Béarla)