Clann Ghaelach lonnaithe go formhór i gContae Chorcaí agus Contae Chiarraí ba ea Uí Shúilleabháin.[1] Roimh ionradh na Normannach ar Éirinn, fuarthas iad i gContae Thiobraid Árann fosta. Mar shloinne is é an tríú is coitianta i nÉirinn. De thairbhe eisimirce, is coiteann é an sloinne san an Astráil, i Meiriceá Thuaidh, sa Bhreatain agus eile.

Armas Uí Shúilleabháin

Dar le ginealas Éireannach, de mhuintir Cenél Fíngin Eoghanacht Chaisil ba ea Uí Shúilleabháin. Ocht nglúin as Fínghin mac Aodha Dhuibh, rí Mumhan ón mbliain 601 go dtí 618, a chuirtear a sinsear.

Níos déanaí, d'éirigh siad ina dtiarnaí, faoi cheannas a ngaol Mhic Cárthaigh, i ríocht bheag ach chumhachtach Deasumhan, ríocht a tháinig i gcomharbacht ar an Mumhain féin.

Ba é taoiseach deireanach na clainne é Domhnall Cam Ó Súileabháin Bhéara, a cloíodh i gCogadh na Naoi mBliana (1594–1603).

Tagairtí cuir in eagar

  1. Seathrún Céitinn, Foras Feasa ar Éirinn, lch. 665