Déanann Ginealas Éireannach taighde agus staidéir ar dhaoine agus ar theaghlaigh a thagann as Éirinn ó dhúchas.

Bunús cuir in eagar

Chothaítí ginealas na nGael ar a laghad ó thús an ré stairiúil in Éirinn. Ag oirniú rí, creidtear gur aithrisíodh baird agus filí a shinsearacht, chun a chearta a mhaíomh. Le teacht na scríbhneoireachta, caomhnaíodh an béaloideas sna mainistreacha, scríofa ag na manaigh i dteannta leis na hannála.

D'fhorbair nós an ghinealais go déanach sa mheánaois, i saothair amhail is Leabhar Uí Mhaine, Senchus fer n-Alban, Leabhar Bhaile an Mhóta, De Shíl Chonairi Móir, an Leabhar Laighneach, Leabhar Cloinne Maoil Ruanaidh agus Leabhar Ginealaigh Uí Chléirigh. Bhain an nós barr a réime amach le Leabhar na nGinealach, scríofa i nGaillimh idir na blianta 1649–1650.

I dtosach faoin bhFéineachas, bhí cuspóir dáiríre ag ginealas chun cearta dlí agus seilbh talún a dheimhniú. De réir a chéile, tugadh faoi dá ghrá féin ag na haicmí léannta Gaelacha. As c. 1100 ar aghaidh, d'éirigh roinnt clann amhail is Uí Chléirigh, Mhic Fhirbhisigh, Uí Dhuibhgeannáin, Mhic Aodhagáin agus Mhic an Bhaird ina staraithe gairmiúla. Fuataigh iad ag clanna móra, san áireamh Uí Chonchúir, Uí Néill, Uí Dhomhnaill, Uí Cheallaigh, Mhic Mhurchadha Caomhánach, Mhic Cárthaigh, Uí Bhriain, Uí Mhaoil Seachlainn agus Mhic Giolla Phádraig, chomh maith le clanna Angla-Éireannacha amhail FitzGerald, de Buitléir, de Búrca, Plunkett, Nugent agus Bermingham.

Clanna eaglasta oidhreachtúla ba ea roinnt acu amhail is Mhic Fhirbhisigh agus Uí Dhuibhgeannáin, agus rítheaghlaigh cuireadh as ba ea eile (Uí Chléirigh, Mhic an Bhaird, Uí Dhomhnalláin), arbh éigean dóibh gairm nua a fháil (féach freisin clanna leighis Éireannacha).

A bhuí leis an seanchas seo, tá mion-eolas ann ar bhunús agus stair de go leor treibheanna of agus teaghlaigh na hÉireann. Tá cleachtadh an ghinealais Dia tábhachtach i measc mhuintir na hÉireann féin agus an diaspóra. Meastar i measc staraithe amhail is Dáibhí Ó Cróinín agus Nollaig Ó Muraíle go bhfuil ann i nginealas na hÉireann ná an corpus náisiúnta is mó san Eoraip.

Teagasc ginealaigh Éireannach cuir in eagar

Thar na cianta, ar cúiseanna bolscaireachta, forbraíodh teagasc ginealaigh ag na baird a mhaígh gur de shliocht Mhíl Espáine gach Gael. Rinne seo neamhaird ar nósanna éagsúla eile, fiú má chonacthas iad ina saothair féin.

Téann an teagasc siar go dtí na 10ú – 12ú haoiseanna, mar a léirítear i saothair le hEochaid ua Flainn (936–1004); Flann Mainistreach (bás 25ú Samhain 1056); Tanaide (bás c. 1075); agus Gilla Cómáin mac Gilla Samthainde (beo 1072). Tugadh go leor acu i Leabhar Gabhála na hÉireann isteach.

Forbraíodh an nós ó ghlúin go glúin ag staraithe amhail is Seán Mór Ó Dubhagáin (bás 1372), Gilla Íosa MacFhirbhisigh (beo 1390–1418) agus Flann Mac Aodhagáin (beo 1640). Faoin mbliain 1600, bhí sinsir bhréagacha tugtha fiú do chlanna Angla-Éireannacha, níos Gaelaí ná na Gaeil féin.

The first Irish historian who questioned the reliability of such accounts Ba é Dubhaltach Mac Firbhisigh (maraithe 1671) an chéad staraí a raibh amhras air faoi na ginealaigh úd. Feictear ina mhór-shaothair Leabhar na nGinealach leaganacha éagsúla difriúla. Murab ionann is Foras Feasa ar Éirinn le Seathrún Céitinn, ní dhearna sé iarracht sheacht a chur ar a chuid ábhair. Ina ainneoin, ghlacadh gan cheistiú staraithe chomh déanach is Eugene O'Curry (1794–1862) agus John O'Donovan (1806–1861) an teagasc úd. Le linn na 20ú haoise, rinneadh a athbhreithniú ar an teagasc ag staraithe amhail is Eoin Mac Néill, T. F. O'Rahilly, Francis John Byrne, Kathleen Hughes agus Kenneth Nicholls.

Saothair ar marthain cuir in eagar

Seo a leanas lámhscríbhinní le ginealaigh iontu, go hiomlán nó go páirteach.

Saothair anois caillte cuir in eagar

Gineolaithe cuir in eagar

Féach freisin cuir in eagar


Tuilleadh le léamh cuir in eagar

  • Sir James Ware, De Praesulibus Hiberniae Commentarius, 1665
  • Ruaidhrí Ó Flaithbheartaigh, Ogygia: seu Rerum Hibernicarum Chronologia & etc. ..., 1685
  • Charles O'Conor (staraí), A dissertation on the origin and antiquities of the antient Scots, and notes, critical and explanatory, on Mr. O'Flaherty's text, le fáil in The Ogygia vindicated: against the objections of Sir George Mackenzie, king's advocate for Scotland in the reign of king James II, le Ruaidhrí Ó Flaithbheartaigh, 1775
  • On the Heathen State and Topography of Ancient Ireland, 1783
  • Eugene O'Curry, Lecturers on the Manuscript Materials of Ancient Irish History, 1861, cnuasach 21 léacht
  • Donnchadh Ó Corráin, Ireland before the Normans, Baile Átha Cliath, 1972
  • A New History of Ireland: Volume IX: Maps, Genealogies, Lists: A Companion to Irish History, Part II: Maps, Genealogies, Lists, Iml. 9, eag. Theodore William Moody, F. X. Martin agus Francis John Byrne, 1984
  • Nollaig Ó Muraíle, The Irish genealogies as an onomastic source, in Nomina No.16, ll. 23–47, 1992
  • The Irish Genealogies: Irish History's Poor Relation?, Londain: Irish Texts Society, 2016. ISBN 9780957566187
  • Dónall Mac Giolla Easpaig, Placenames and early settlement in county Donegal, in Donegal: History and Society, eag. William Nolan, Liam Ronayne and Mairéad Dunlevy. Baile Átha Cliath, 1996, ll. 149–182.
  • Francis John Byrne, Irish Kings and High-Kings. 3ú eagrán athbhreithnithe, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, 2001. ISBN 978-1-85182-196-9
  • Dáibhí Ó Cróinín, A New History of Ireland, imleabhar one, Baile Átha Cliath, 2006.

Foinsí cuir in eagar

  • Annála na gCeithre Máistrí
  • Leabhar na nGinealach
  • Martin J. Blake, Blake Family Records, imleabhar 1, 1902 agus imleabhar 2, 1905
  • Paul Walsh (sagart), Leabhar Chlainne Suibhne: An Account of the Mac Sweeney Families of Ireland, with Pedigrees, 1920
  • –, The Learned Family of O Duigenan, Irish Eccleastical Record, 1921
  • Topographical Poems by Seán Mór Ó Dubhagáin and Giolla na Naomh Ó hUuidrain, James Carney (scoláire) (eag.), 1943
  • Poems on the Butlers of Ormond, Cahir and Dunboyne, AD 1400–1650, James Carney, eag., 1945
  • A Genealogical History of the O’Reillys, from Irish of Eoghan Ó Raghallaigh, James Carney, eag., 1950
  • Poems on the O’Reillys, James Carney, eag, 1970
  • Edward MacLysaght, The Surnames of Ireland, 1978
  • John Carey (Ceiltíoch), A British Myth of Origins?, in History of Religions 31, ll. 24–38, 1991
  • Thomas Charles-Edwards, Early Irish and Welsh Kinship, Oxford, 1993
  • Nollaig Ó Muraíle, Seán Ó Donnabháin, An Cúigiú Máistir, in Scoláirí Gaeilge: Léchtaí Cholm Cille XXVII, R. Ó hUiginn eag., Maigh Nuad, 1997, lch. 11–82
  • –, Irish genealogical collections: the Scottish dimension, in International Congress of Celtic Studies 10 (1995), ll. 251–264, 1999
  • Iris Mhuintir Uì Dhonnabháin, O'Donovan History 2000, Foilsithe ag Cheann Uí Dhonnabháin, An Sciobairín. Alt le Michael R. O'Donovan
  • Adrian James Martyn, The Tribes of Galway, Gaillimh, 2001
  • Susan Hood, Royal Roots, Republican Inheritance – The Survival of the Office of Arms, Baile Átha Cliath, 2002
  • Catherine Nash, "They’re family!": cultural geographies of relatedness in popular genealogy, in Sara Armed, Anne-Marie Fortier agus Mimi Sheller, eag. Uprootings/Regroundings: Questions of Home and Migration, Berg, Oxford agus Nua-Eabhrac, 179–203, 2003
  • –, Genetic kinship, Cultural Studies, 18(1): 1–34, 2004.
  • –, Irish Origins, Celtic Origins: Population Genetics, Cultural Politics, Irish Studies Review, 14 (1): 11–37, 2006
  • –, Of Irish descent: origin stories, genealogy, & the politics of belonging, Syracuse University Press, 2008. ISBN 978-0-8156-3159-0

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Dubhaltach Mac Firbhisigh, On the Fomorians and the Norsemen. Christiania: J. Chr. Gundersens Bogtrykkeri. 1905, Alexander Bugge (eag. & aistr.).


Teimpléad:Ginealas Éireannach