Seán Mór Ó Dubhagáin

File

File Éireannach ba ea Seán Mór Ó Dubhagáin (bás 1372).

Infotaula de personaSeán Mór Ó Dubhagáin
Beathaisnéis
Bás1372 (Féilire Ghréagóra)
Gníomhaíocht
Gairmfile Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Beatha cuir in eagar

Bhí cónaí ar a mhuintir i was among the first notable members of the bardic family Baile Uí Dhubhagáin]], de Louch Riach, Contae na Gaillimhe. Ba é an chéad duine suntasach de chlann bhaird Uí Dubhagáin. Rinneadh ollamh seanchaí de i seirbhís Uí Mhaine. Bhí suim ar leith aige i stair na gclann Gaelach roimh theacht na Normannach.

Saothair cuir in eagar

Is é an dán ginealaigh Triallam timcheall na Fodla an saothar is tábhachtaí dá chuid. Feictear ann dreamanna, rítheaghlaigh agus críocha éagsúla Gaelacha, mar a bhíodh roimh theacht na Normannach.[1] Tá ann 152 líne ar ríocht na Mí, 354 ar na hUlaidh, 328 ar na Connachta, agus ach 56 ar na Laighin, b'fhéidir neamhchríochnaithe roimh a bhás.

Scríobhadh Triallam in 'aimsir láithreach' ar nós nár tháinig na Normannaigh ar chor ar bith, agus go raibh na teaghlaigh fós i seilbh a gcuid críocha. Cuireann sé in úil b'fhéidir gurbh ársaitheoir ina chroí istigh, ag caomhnú béaloidis ársa.

Lean Giolla na Naomh Ó hUidhrín (bás 1420), an scéal lena dhán, Tuilleadh feasa ar Éirinn óigh.

Chum Ó Dubhagáin roinnt dánta eile, ar nós memoria technica, tábhachtach de bharr an eolais iontu faoi ríthe Éireann agus na tuatha, ina measc:

  • Righnaid Laigean Clan Cathaoir, ar theaghlaigh de shliocht Chathrach Mhóir na Laighean.
  • Cashil cathain clana Mogh, liosta de ríthe Chaiseal ón mbliain c. 300 go dtí 1367.

Tá ar a laghad trí dhán eile leis atá ar marthain, ag teacht go céadta rann.

Chum sé fosta roinnt rialacha chun féilí aistritheacha a shocrú.

Ba dhalta leis é Ádhamh Ó Cianáin, a scríobh Leabhar Ádhaimh Uí Chianáin sna 1340í, leis agus do féin, as leabhar a mhúinteora, mar a dúirt sé féin.

Bás agus reilig cuir in eagar

Chuaigh Ó Dubhagáin ar oilithreacht go dtí reilig Cholm Cille. Mhair sé as sin amach ag mainistir ar Loch Riach, cé go ndeirtear i bhfoinsí eile go bhfuair sé bás ag Mainistir na Búille i gContae Ros Comáin.[2]

Foinsí cuir in eagar

  • Edward O'Reilly, A Chronological Account of Nearly Four Hundred Irish Writers, Baile Átha Cliath, 1820 (athchló 1970).
  • The topographical poems of John O’Duhbhangain and Giolla na Naomh O’Huidrin, eag. Seán Ó Donnabháin, Irish arch. and Celtic Society, Baile Átha Cliath, 1862.
  • Edward MacLysaght, The Surnames of Ireland, 1978.
  • Dubhaltach Mac Firbhisigh, The Great Book of Irish Genealogies, eag. Nollaig Ó Muraíle, 5 imleabhar volumes. Baile Átha Cliath, DeBurca, 2004–2005. ISBN 0-946130-36-1.
  • Aidan Breen, O Dubhagain, Seoan Mor, in Dictionary of Irish Biography from the Earliest Times to the Year 2002, lch. 431, 2010.

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. John Lynch, Cambrensis Eversus
  2. [1] Bio at Ricorso.