Cathair Mór

rí Éireannach

I Miotaseolaíocht na nGael, Ard-Rí seanscéalach na hÉireann ab ea Cathair Mór mac Feidhlimidh Fiorurghlas, de shliocht Conchobar Abradruad.

Infotaula de personaCathair Mór
Gníomhaíocht
Gairm Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
PáisteEithne Thaobhfhada, Dáire Barrach Cuir in eagar ar Wikidata

Tháinig sé i gcoróin tar éis bás Fhéilimí Reachtmhair.[1][2] Bhí sé i réim ar feadh trí bliana sular mharaigh Luaigne na Teamhrach é, agus Conn Cétchathach i gceannas.

Seanscéalta cuir in eagar

Sa seanscéal Esnada Tige Buchet, b'iníon altrama í Eithne Tháebfhota iníon Chathrach de bhrughaidh na Laighean darbh ainm Buichead. Bhí an chuid bólachta ag Buichead, ach tháinig mic Cathrach i dtír ar fháilte Bhuichid, ionas nach raibh fágtha aige ach tarbh amháin agus seacht mbó. Ní raibh an rí, anois sean agus fann, in ann a mhic a shrian. Ní raibh de rogha ag Buichead agus a theaghlach, Eithne chomh maith, ach cónaí i mbothán san fhoraois gar do Ceanannais, Contae na Mí. In am trátha agus Cormac mac Airt ina rí, phós seisean Eithne, agus a mhalairt rath Buichid as sin amach.[3] I scéalta eile, ba é Conn Cétchathach, comharba Cathrach, an rí a phós Eithne.[4]

Sa seanscéal Fotha Catha Cnucha, thug Cathair Cnoc Ailinne,[5] Contae Chill Dara, do Nuadha mac Aichi, draoi. In am trátha, bheadh cáil ar an gcnoc seo agus Fionn mac Cumhaill, fionnó Nuadha, ina chónaí ann.[6]

Ginealach cuir in eagar

Sinsearacht cuir in eagar

De réir Foras Feasa ar Éirinn, ba é seo sinsearacht Chathrach Mhóir:

Sliocht cuir in eagar

Deirtear go raibh tríocha mac ag Cathair, ach ní raibh sliocht ach ag deichniúr acu. Rianaíonn roinnt ríshleachta meánaoiseacha na Laighean a sinsearacht astu.[7][8] Meastar gur mháthair Dhiarmada Uí Dhuibne na bhFiann ab ea a iníon, Cochrann.[9]

Achar ama cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. R. A. Stewart Macalister (eag. & aistr.), Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland Part V, Irish Texts Society, 1956, lch. 331
  2. 2.0 2.1 Foras Feasa ar Éirinn, Section 40, lch. 259, http://www.ucc.ie/celt/published/T100054/text050.html UCC CELT.
  3. The Melody of the House of Buchet
  4. The Adventures of Art son of Conn ar maryjones.us
  5. Cnoc Ailinne ar logainm.ie
  6. The Cause of the Battle of Cnucha ar maryjones.us
  7. Foras Feasa ar Éirinn, 1.40
  8. 8.0 8.1 8.2 The Testament of Cathair Mór
  9. James MacKillop, Dictionary of Celtic Mythology, Oxford University Press, 1998, lch. 72
  10. Iníon?
  11. Daniel Byrne-Rothwell, The Byrnes and the O'Byrnes: Volume 2, House of Lochar, 2010 - Ireland, lch. 8
  12. "Martyrology of Donegal" (1630). 
  13. On the page of this book, the author wrote that Sodhealbh and her sister, Eithne, were the daughters of Baite, .i. Cathair Mór wasn't her father. But later on the book mentions Sodhealbh as Cathair Mór daughter and Oilill Olum's wife, probably a mistake by the author. Ailill Aulom married Sadb, daughter of Eithne, another daughter of Cathair Mór.
  14. Annála na gCeithre Máistrí, M119 - 122


Réamhtheachtaí
Fedlimid Rechtmar
Ard-Rí na hÉireann
LGÉ 2a haois AD
FFÉ AD 113–116
ACM AD 119–122
Comharba
Conn Cétchathach