Kenneth Nicholls

staraí Éireannach

Staraí Éireannach a bhfuil ardmheas air is ea Kenneth W. Nicholls.

Infotaula de personaKenneth Nicholls
Gníomhaíocht
Gairmúdar, staraí Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla

Bhain Nicholls clú agus cáil idirnáisiúnta amach mar údar an tsaothair Gaelic and Gaelicised Ireland in the Middle Ages, a foilsíodh ar dtús sa bhliain 1972, agus arís sa bhliain 2003. Tá meas bainte amach fosta aige as ucht a chuid eolais ar fhoinsí meánaoiseacha agus nua-aimseartha as Gaeilge, Laidin, Francis agus Béarla. I measc a suimeanna gairmiúla, tá a leanas:

  • Éire sa meánaoise dhéanach agus sa leath ré nua-aimseartha, faoi ábhair amhail is gineolaíocht, logainmneacha, pósadh agus dlí
  • stair Albanach, dlí ach go háirithe
  • díothú ainmhithe le linn na ré stairiúla
  • Stair talamhaíochta

Ball foirne sa roinn staire Choláiste na hOllscoile, Corcaigh ba Nicholls go dtí go ndeachaigh sé ar scor sa bhliain 2004. Bhí sé fostaithe ag an Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha le tréimhse le linn na 1960í.[1] Tugtar ómós dá chuid oibre in Regions and rulers in Ireland, 1100-1650: essays for Kenneth Nicholls, David Edwards (eag.) (Baile Átha Cliath, 2004), cnuasach aistí le roinnt staraí mór le rá Éireannacha an lae inniu.

Leabhar liosta cuir in eagar

Ailt cuir in eagar

  • Tuath Bailenangeadh (Twoghballyneges etc.) in "Dinnseanchas", 2/3, 1967, ll. 89.
  • Tobar Finnmhuighe - Slan Padraig, Dinnseanchas, 2/4, 1967, ll. 97-98.
  • Some placenames from The Red Book of the Earls of Kildare, Dinnseanchas, 3/2, (1968), ll. 25-37.
  • The descendants of Oliver FitzGerald of Belagh, in The Irish Genealogist, 4/1 (1968), ll. 2-9.
  • The Lisgoole agreement of 1580, in Clougher Record 7/1 (1969), ll. 27-33.
  • Some documents on Irish law and custom in the sixteenth century, in Analaecta Hibernica, #26, (1970), ll. 27–33.
  • The Kavanaghs, 1400-1700 (I), in The Irish Genealogist, 5/4, (Samhain 1977), ll. 435–47.
  • The Kavanaghs, 1400-1700 (II), in The Irish Genealogist, 5/5, (Samhain 1978), ll. 573–80.
  • The Kavanaghs, 1400-1700 (III), in The Irish Genealogist, 5/6, (Samhain 1979), ll. 730–334.
  • The Kavanaghs, 1400-1700 (VI), in The Irish Genealogist, 6/2, (Samhain 1981), ll. 189–203.
  • Kinelmeaky and the Munster Plantation, in O'Mahony Journal, 10 (1980), ll. 10-14.
  • Notes on the genealogy of Clann Eoin Mhoir, in West Highland Notes and Queries, 1991, ll. 11-24.
  • Richard Tyrell, Soldier Extraordinary, in The Battle of Kinsale, eag. Hiram Morgan, ll. 160–78, Baile Átha Cliath, 2004.

Leabhair cuir in eagar

  • Gaelic and Gaelicised Ireland in the Middle Ages, Gill History of Ireland 4, Baile Átha Cliath, 1972; arna athchló ag Lilliput Press, Baile Átha Cliath, 2003.
  • The O'Doyne (Ó Duinn) Manuscript, Irish Historical Manuscripts Commission, Baile Átha Cliath, 1985.

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar