Cú Choigríche Ó Cléirigh
Staraí Éireannach ba ea Cú Choigcríche Ó Cléirigh (Béarla: Peregrine O'Clery) (beo 1624–1664).
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1624 |
Bás | 1664 39/40 bliana d'aois |
Gníomhaíocht | |
Gairm | údar, staraí, ginealeolaí |
Tréimhse oibre | (Floruit: 1624–1664) |
Teangacha | An Ghaeilge |
Beatha
cuir in eagarMac le Diarmaid Ó Cléirigh, ba ea Cú Choigcríche, agus mar sin ina chol seachtar le Mícheál Ó Cléirigh, a chabhraigh sé leis ag tiomsú Annála na gCeithre Máistrí.
Chreid [[Paul Walsh] áfach gur mhac é le Diarmad mac An Chosnamghaigh mhic Concoigríche mhic Dhiarmada Ó Cléirigh, a d'éag sa bhliain 1552. Deartháir le Tuthal (bás 1512) agus Giolla Riabhach (bás 1527) ba ea an Diarmaid úd. Bhí Mícheál Ó Cléirigh gaolta le Tuathail mar mhac Donnchadha mhic Uilliam mhic Thuathail.
Chreid Seán Ó Donnabháin, an chéad eagarthóir nua-aimseartha na nAnnál, gur mac le Lughaidh Ó Cléirigh, file agus staraí, cé go bhfuil amhras anois ann faoin tuairim seo.[1]
Rinne an bheirt Uí Chléirigh obair sna hannála ar na blianta 1332–1608. Scríobh Cú Choigcríche an chóip de Bheatha Aodha Rua Uí Dhomhnaill le Lughaidh Ó Cléirigh is luaite atá fós ar marthain. Scríobh sé freisin san ar Mháire deirfiúr Aodha Rua, a d'éag sa bhliain 1662, atá caomhnaithe anois sna Lámhscríbhinní Phillips ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.[2]
Is dóigh gur thug Cú Choigcríche roinnt ábhair do Dhubhaltach Mac Firbhisigh, a chuir seisean arleathnach 299 i Leabhar na nGinealach isteach.
Is ea príomhshaothar féin ná Leabhar Ginealach Uí Chléirigh.
Fuair sé bás i nGort na hEilte, i nGleann Hoiste ag bun Néifinn Bhig, suite os cionn Loch Bhéal Trá. Thiomsaigh sé a leabhair dá mhic, Diarmaid agus Seaán.
Creidtear gurb iad sliochtaigh Chú Choigcríche ná muintir Uí Chléirigh as An mBreaclach, Gleann Hoiste, Buiríos Umhaill, Contae Mhaigh Eo.
Féach freisin
cuir in eagarFoinsí
cuir in eagar- Pádraig Ó Móghráin, O'Clerys in west Mayo, ll. 70–73, in Measgra i gCuimhne Mhichíl Chléirigh, eag. S. O'Brien, 1944.
- Nollaig Ó Muraíle, The Celebrated Antiquary: Dubhaltach Mac Fhirbhisigh (c.1600-1671) - His Life, Lineage and Learning,, An Sagart, Maigh Nuad, 1996, ll xix, 12, 20–1, 27, 59, 172, 176, 183, 214, 234–6, 275, 327–8; athchló 2003. ISBN 1-903896-05-3; ISSN 0790-8806.
- An Br. Angelo Mac Shamhais, OSF, Notes on Cú Choigcríche Ó Cléirigh One of the Four Masters, Cathair na Mart 2001 (Journal of the Westport Historical Society), ll. 27–44,
- Irish Leaders and Learning through the Ages, eag. Nollaig Ó Muraíle, Four Courts Press, Baile Átha Cliath, 2003. ISBN 1-85182-543-6