James Ussher
Ardeaspag Ard Mhacha
Scoláire is ardeaspag Ard Mhacha, a saolaíodh i mBaile Átha Cliath, duine de na fo-chéimithe tosaigh i gColáiste na Tríonóide ab ea James Ussher (1581-1656).[1] Diagacht Chailvíneach a bhí aige, agus cáineadh é de bhrí gur cheadaigh sé iolrachas is gur chuir i gcoinne aistriú Gaeilge Bedell ar an mBíobla.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 4 Eanáir 1581 Baile Átha Cliath |
Bás | 21 Márta 1656 75 bliana d'aois Reigate, England |
Áit adhlactha | Abtheach Westminster |
Bishop of Carlisle (en) | |
1642 (Iúlach) – 1643 (Iúlach) ← Barnaby Potter (en) – Richard Sterne (en) → | |
Anglican Archbishop of Armagh (en) | |
1625 (Iúlach) – 21 Márta 1656 (Iúlach) ← Christopher Hampton (en) – John Bramhall (en) → | |
Ardeaspag | |
Faisnéis phearsanta | |
Grúpa eitneach | Muintir na hÉireann |
Reiligiún | Anglacánachas |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath |
Gníomhaíocht | |
Gairm | sagart, fealsamh, scríbhneoir, diagaire, staraí, ardeaspag |
Tréimhse ama | Glúin an 17ú aois agus glúin an 16ú aois |
Spéis aige/aici i | Chronology of the Bible (en) |
Teangacha | An Laidin agus Béarla |
Saothar | |
Saothar suntasach | |
Teaghlach | |
Céile | Phoebe Challoner (1614–) |
Páiste | Elizabeth Tyrrell |
Athair | Arland Ussher agus Margaret Stanihurst |
Scríobh sé go fairsing ar stair eaglasta, diagacht is luathstair na hÉireann. Ina phríomhshaothar Annales Veteris et Novi Testamenti (Annála an tSean-Tiomna is an Tiomna Nua, 1650-1654) shaothraigh sé córas cróineolaíochta ón mBíobla a d'áirigh dáta na Cruthaíochta mar 4004 RC, agus glacadh leis seo ar feadh cúpla céad bliain.
Tar éis a bháis chinn an Rí Searlás II go gcuirfí a stór leabhar i gColáiste na Tríonóide.[2]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “USSHER, James (1581–1656) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "James Ussher". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 694.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |