Déisi Tuaiscirt

Dream de chuid na nDéis ba ea Déise Tuaiscirt (Meán-Ghaeilge Déisi Tuaiscirt), lonnaithe i dtuaisceart na Mumhan. Dál Chais ba ea phríomhchlann na treibhe, agus Uí Bhriain a rítheaghlach, a d'éirigh as bunúis bhochta ina cheannairí ríocht Tuamhan sa 10ú haois.

Teacht chun cinnCuir in Eagar

Is amhlaidh go bhfuil cosúlacht ann idir teacht chun cinn Déise Tuaiscirt, agus a bpríomhchlann Dál Chais ach go háirithe, in ionad na nEoghanacht agus teacht chun cinn na nEoghanacht féin in ionad na nDáirine na céadta bliain roimhe sin. D'fhéadfadh é gur spreag an smaoineamh seo éilimh Dhál Chais.[1]

De réir smaoineamh a luaitear go minic le John V. Kelleher, is éard atá i gceist anseo ná seift polaitiúil de mhuintir Uí Néill, rítheaghlach is ceannasaí na hÉireann. Molann sé gur chruthaigh siad ríocht Tuamhan sa 10ú haois chun cumhacht na nEoghanacht, scoilte cheana, a lagú níos mó.[2] Más fíor, chuaigh an plean in abar, óir gur tháinig chun cinn céilí comhraic láidre a bhagair ar Theamhraigh chomh maith le Caiseal. Thugadh na Déise Mumhan (Deiscirt) áfach a dtacaíocht fós leis na hEoghanachta le linn a gcuid staire.

An ChláirCuir in Eagar

Níl aon fhianaise le fáil sna taifid conas nó cathain a lonnaigh na Déise Tuaiscirt i gContae an Chláir. Deirtear go minic go bhfuil nasc ann le "hionghabháil" an cheantair as na Connachta isteach sa Mhumhain tar éis meath chumhacht Uí Fhiachrach Aidhne i ndeisceart na gConnacht. Molann Byrne go dtéann seo siar go bua rí Chaisil, Faílbe Flann mac Áedo Duib, in éadan rí mór le rá na gConnacht, Guaire Aidhne mac Colmáin, i gCath Charn Fhearadaigh sa bhliain 627.[3]

Cogad Gáedel re GallaibCuir in Eagar

Bréagstair mór le rá faoi theacht i gceannas Dál Chais is ea Cogad Gáedel re Gallaib den dóú haois déag.[4]

GéineolaíochtCuir in Eagar

Molann taighde le déanaí go bhfuil síniú géiniteach uathúil ag Dál Chais, ar a nglaoitear Cineál Éireannach III.[5] De chuid haplaghrúpa R1b (Y-ADN), tá an fochlád R1b1b2a1a1b4h, sainithe ag an marcóir R-L226/S168.

Féach freisinCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. Byrne, ll. 180-1.
  2. Kelleher, ll. 230-41.
  3. Byrne, lch. 239
  4. Todd 1867
  5. Irish Type III Website