Cogad Gáedel re Gallaib

Dréacht meánaoiseach Gaelach is ea Cogadh Gael le Gaill (Meán-Ghaeilge Cogad Gáedel re Gallaib) a insíonn foghlacha na Lochlannach agus Uí Íomhair i nÉirinn, agus an cogadh mór a throid an rí Gaelach, Brian Bóramha, ina n-éadan, ag tosú le Cath Sulcoit sa bhliain 967, agus sa deireadh Cath Chluain Tarbh sa bhliain 1014, inar maraíodh Brian cé gur bhuaigh a ghaiscígh.

De réir scoláirí an lae inniu, is éard atá ann in Cogad Gáedel re Gallaib ná "bolscaireacht den scoth", scríofa i "stíl mórfhoclach agus lán d'áibhéil thírghrách." Is foinse luachmhar fós í an chroinic faoi Ré na Lochlannach i nÉirinn, cé gurb amhrasach é a cruinneas.[1]

Stair agus tionchar an téacsCuir in Eagar

Bunaithe ar fhianaise inmheánach, ina measc tráchtaí ar fhionnó Bhriain, Muirchertach Ua Briain (bás 1119), moladh gur cumadh an saothar go luath sa 12ú haois, am éigin idir 1103 agus 1111,[2] 'sé sin, céad bliain ar a laghad tar éis na n-imeachtaí luaite ann.

Tá an-chuid den Cogad bhunaithe ar Annála Uladh. Ach sa tslí chéanna, tógadh é féin i bhfoinsí níos dearanaí isteach. Faightear altanna as Cogad sa saothar stairiúil Foras Feasa ar Éirinn den 17ú haois le Seathrún Céitinn, agus in am trátha, thóg James MacGeoghegan roinnt dóibhse ina shaothar isteach.[3]

Caomhnaítear Cogad i dtrí théacs:

  • an Leabhar Laighneach c. 1160
  • Dublin Manuscript a théann siar go dtí an 14ú haois
  • Brussels Manuscript ó 1635.[4]

I measc saothar dá leithéid, tá Annála Easpacha na hÉireann agus níos déanaí Caithréim Chellacháin Chaisil.

Tá cosúlachtaí le fáil idir Cogad agus an sága íoslannach Njáls saga, a chumadh timpeall na bliana 1280. Mhol an scoláire Einar Olafur Sveinsson sa bhliain 1954 gur tógadh isteach ann sága den 13ú haois atá anois caillte, Brjáns saga ("Sága Bhriain"). Níltear ar aon intinn ámh maidir le gaol na téacsanna.

Structúr agus príomhphearsanaCuir in Eagar

Tosaíonn an saothar le réamhrá fada, cumtha le hábhair luachmhara tógtha ó fhoinsí annálacha atá anois caillte a bheag nó a mhór.[4] Tosaíonn an scéal féin le teacht an tíoránach Íomhar Luimnigh.[5]

Ceathrú den Cogad iomlán, agus trian den scéal féin, is ea an chuid 'Mumha'. Is iad a leanas na príomhphearsana den chuid seo:

Cuirtear i láthair ansin an Dál gCais agus Mic Chinnéide, mar atá Mathghambhain (Mathúin) agus Brian Bóramha (Bórú). Déantar cúr síos ar saoil na beirte, a n-iliomad eachtraí le gaill san áireamh.

Tagann mianta míleata Bhriain chun críche nuair a chloíonn sé Aodh Ó Néill agus a thagann sé i gceannas ar chúige Uladh (LXXVII).

Cosnaíonn Brian Átha Cliath agus brúnn sé na hionróirí siar san fharraige isteach (CX).

I ndeireadh na dála, éagann Brian Bóramha ag Earl Brodar, cé go n-éiríonn le Brian é a ghoin go marfach. (CXIV)

Carachtracht Bhriain agus na ngallCuir in Eagar

Faightear sa téacs altanna fada, áibhéalta a chuireann i gcomparáid agus i gcodarsnacht na Gaeil agus na gaill.

Déantar cúr síos ar na Lochlannaigh (Uigingigh) le tréine agus cáineadh:

Now on the one side of that battle were the shouting, hateful, powerful, wrestling, valiant, active, fierce-moving, dangerous, nimble, violent, furious, unscrupulous, untamable, inexorable, unsteady, cruel, barbarous, frightful, sharp, ready, huge, prepared, cunning, warlike, poisonous, murderous, hostile Danars; bold, hard-hearted Danmarkians, surly, piratical foreigners, blue-green, pagan; without reverence, without veneration, without honour, without mercy, for God or for man.[5]

Mar mhalairt, deirtear gur macánta cróga iad Brian agus a mhuintir, agus luaitear go minic a gcráifeacht Chríostaí:

But on the other side of that battle were brave, valiant champions; soldierly, active, nimble, bold, full of courage, quick, doing great deeds, pompous, beautiful, aggressive, hot, strong, swelling, bright, fresh, never weary, terrible, valiant, victorious heroes and chieftains, and champions, and brave soldiers, the men of high deeds, and honour, and renown of Éirinn...[5]

Déantar comparáid thairis sin idir Brian agus Ágastas and Alastar Mór, ag moladh fiú gurb é Murchadh mac Bhriain:

the metaphorical Eachtar of all-victorious Éirinn, in religion, and in valour, and in championship, in generosity, and in munificence.[5]

The text draws heavily pearsana miotasacha agus Bíobalta, ag lua le Murchadh tréithe Earcail agus Samsón.

Tréith an tsaothair a théann any san aistriúchán is ea iliomad uama. As Cath Chluain Tarbh á chur i láthair, déantar cúr síos de scéal thairis ar gaiscí an Dáil Chais, ina bhfuil seacht n-aidiacht is fiche, scríofa i sraitheanna focal uamach.[5]

Aidhm pholaitiúilCuir in Eagar

Is é fíor-aidhm na croinice ná Brian Bóramha a adhmholadh, agus dá bharr a mhaíomh go raibh Ard-Ríogacht na hÉireann tuillte aigesean agus ag a mhuintir, an Dál gCais, a bhí ag iarraidh ag am scríofa an ríogacht úd a choinneáil.

Deir údar an scéil gur barbaracha brúidiúla iad na Lochlannaigh, agus molann sé gur mar an gcéanna iad a sleachta as Baile Átha Cliath. Go hachomair, d'fhéadfadh gurbh iarracht é an ghaoth a bhaint as seolta na n-Áth Cliathach."[1]

EagráinCuir in Eagar

FoinsíCuir in Eagar

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar