Senchán Torpéist

File agus ollamh Gaelach

File agus Ollamh Éireann ba ea Seanchán Torphéist (Meán-Ghaeilge Senchán Torpéist[1]) (c. 560–617 AD). Tháinig sé i gcomharbacht ar Dhallán Forgaill mar Ard-fhile Chonnacht sa bhliain c. 640. Feictear i liosta le fáil i Leabhar Bhaile an Mhóta gurbh fhile ríoga é.[2] Is príomhphearsa é sa scéal den 12ú haois, Tromdámh Guaire.

Infotaula de personaSenchán Torpéist
Beathaisnéis
Breith560í
Bás617
47/57 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmfile, ollamh Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge
Teaghlach
CéileBrigid Brathbrú Cuir in eagar ar Wikidata

Muintir cuir in eagar

Cuairfheartach de chlann Araidh ar an teorainn idir Tiobraid Árann agus Luimneach) ba ea a athair. Dar le Seanchán féin, ámh, agus é ag scríobh in Concangab Már c. 630, is é seo a leanas a Ginealach:[3]

Senchán mac Úarchride, mac Adóer na n-Araid.

Deidiu ní Thréan mhic Dubhthaigh mhic Lughair ba ea máthair Sheancháin. Iar-ollamh agus rí fhile Laoghaire mhic Néill ba ea Dubhthach. Is iad a leanas daoine eile de chlann Deidiu:

My blessing on thy men of song
Who from mild Senchan may descend.

Ní foláir nó gur rugadh Seanchán timpeall na bliana 560 ionas go raibh an t-am aige bheith oilte chun bheith ceaptha ina Ard-Ollamh. Ina theannta sin, in Tromdjámh Guaire, luaitear é mar "sean-Seanchán" sa bhliain c. 640. Dar le Seathrún Céitinn in Foras Feasa ar Éirinn go ndearnadh Ard ollamh na gConnacht de "Sheanchán mac Cuairfheartaigh" ag Sionad Droim Cheat sa bhliain c. 593.

Tugtar míniú ar a leasainm sa sanas, Cóir Anmann:[5]

Senchán Toirpéist .i. Senchán [dororba[6] péist] día rothogaibh spirat na h-écsi cenn do fo sceib [7] dodheilbh...
Seanchán Toirpéist, .i. Senchán a tháinig péist chuige, a bhain spiorad na héigse leas as faoi sciamh dodhealbhach...

Bríd (Brigid Brathbrú) ba ea bean chéile Sheancháin. Bhí nasc acu darbh ainm Muircc agus iníon Méabh Neidigh.

Saothair cuir in eagar

Caomhnaítear chuid de shaothair of Sheancháin sna lámhscríbhinní:

  • Leabhar Mór Leacáin, fóilió 17, col. 2, dán ar Fhearghas mac Rossa agus a chathanna.
  • Abbair fri sil nEogain moir, i Laud 610[8]
  • Trí meic Ruaid;[9]
  • Find Taulcha tuath cuire Cailte[10]
  • Co slonnad Conmaic fri Connad[11]
  • Tá an sa scéal Cath Maighe Léna dán le Seanchán ag tosú le 'Adhaigh Luain rucadh an rí'.[12]

Guaire agus Táin Bó Cúailnge cuir in eagar

Dar le Tromdámh Guaire[13] (nó Imtheacht na Tromdhaimhe[14]) thug Seanchán cuairt arrí na gConnacht, Guaire Aidne mac Colmáin, i dteannta le céad file is caoga eile agus cead dalta is caoga. Cuireadh brú ar fháilte Ghuaire dá bharr.

Chun é a náiriú go dté sé, d'iarr Guaire air an Táin Bó Cúailnge a aithris, á rá eircit bur n-ollaim & bur filedi & bhur lucht canta ciuil[15] d'iaraid na Tana.

Chuir seo olc ar Sheanchán, agus d'imigh Seanchán leis, ag rá:

Triallum uait, a Guairi glain,
facmait agat beanachtain;
bliagain & raithe is mí
atam acut, a airdri.

Triallaimid uait, a Ghuaire ghlain
Fágaimid agat beannachtaí;
Bliain, ráithe is mí
Atáid leat, a ard-rí...

Ach gheall sé:

... ticfam arís, ge triallam.

Mar thoradh na heachtra seo, bhailigh Seanchán gach file na hÉireann le chéile, chun go bhfeice cé acu a raibh an Táin go léir ar eolas aige. Tharla sé áfach go raibh cuid den scéal ag cách ach ní an rud go léir ag éinne acu. Rinne Seanchán, a mhac Murgen agus a chol seisear Eimena, cinneadh mar sin an Táin úd a thabhairt ar ais go hÉirinn.

Le linn an turais, chuaigh Murgen amú i gceo draíochta. Bhuail sé ann le sprid Fhearghais mhic Róigh ag a uaigh. D'aithris Fearghas an Táin iomlán le Murgen, a tháinig slán ar ais chun an scéal a chaomhnú.

Scéalta eile cuir in eagar

Feictear Seanchán agus a bhean chéile sa seanscéal Scéla Cano meic Gartnáin and in Sanas Cormaic, ina thugann sé cuairt ar Oileán Mhanann. Sa dán Meán-Ghaeilge (c. 1100), Aimirgein Glúngel tuir tend, luaite le Gilla in Choimded Úa Cormaic as Tulach Léis, déantar trácht ar Sheanchán mar a leanas: Seanchán Toirpéist ba rind ráid. Feictear é freisin sa scéal Mac telene do feraib Muman.

Feictear Seancháin agus a bhuíon fánach filí i scéalta chomh fada ó chéile is an Alba agus an Alba Nua band of poets occur in traditional, ina luaitear iad mar CliarCleith Sheancháin. Tá scéal na mór le rá ann darb ainm Bríd Mhór na gCapall, atá bunaithe ar Tromdhámh Guaire.

Luaite le Shakespeare cuir in eagar

Deir William Shakespeare go raibh ar a gcumas ag filí Éireannacha "[to] rhym[e] rats to death". Is amhlaidh go bhfuil an ráiteas seo bunaithe ar eachtra nuair a fuair Seanchán francaigh agus iad tar éis a chuid dinnéir a ithe, agus a dúirt sé:

Lochaid gidh ger a nguilbne,
ni trén a cathaibh cirbdhe

Locha is géar a nguilbne
ní tréan a gcatha poor..."

D'éag siad ar an dtoirt.[16]

Foinsí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. féach 1 do-rorban, ar eDIL
  2. lch. 308
  3. 'Three Old Irish Accentual Poems', James Carney eag., Ériu, iml. 22 (1971), lch. 73
  4. lch. 215
  5. Entry 272
  6. 1 do-rorban, tar, ar eDIL
  7. leg. scéim, tuiseal tabharthach de scíam
  8. fóil. 73 b 2, Kuno Meyer, ZCP 12, 1918, lch. 378
  9. Trí meic Ruaid ar CODECS
  10. Find Taulcha tuath cuire Cailte
  11. Margaret Dobbs, ZCP 14 1923 lch. 48
  12. Cath Maighe Léna, CELT
  13. Tromdámh Guaire ar CELT
  14. "The Proceedings of the Great Bardic Institution" (1860).
  15. 2 ciúil, ceol, ar eDIL
  16. Kelly, John (9ú Meitheamh, 2016). "Irish Bards Could Kill Rats With Their Magical Poetry Powers".
  17. foillsigid, cf foilse srl., ar eDIL


Réamhtheachtaí
Dallán Forgaill
Ollamh Éireann
c.640–c.649
Comharba
Máel Muire Othna