Tromdámh Guaire

aoir Mheán-Ghaeilge

Prós aoire Meán-Ghaeilge is ea Tromdhámh Ghuaire (aitheanta fosta mar Imtheacht na Tromdhaimhe) maidir leis an gcaidreamh idir patrún agus file, agus mí-úsáid pribhléide.[1][2]

Cé go bhfuil sé deacair dáta a chur leis an téacs, creidtear gur scríobhadh é ní ba luaite ná 1300.[3] Ní chaomhnaítear an téacs ach sa lámhscríbhinn Leabhar Mhic Cárthaigh Riabhaigh nó Leabhar Leasa Mhóir, a théann siar féin go dtí an cúigiú haois.[4]

Is in Éirinn den 7ú haois atá ann scéal suite, scigaithris ar chleachtas aoire na bhfilí.[5] Is scéal iardhearcach é de chuid na 12ú haoise ar an 7ú haois.[6]

Scéal cuir in eagar

Is iad na trí phríomhphearsa in Tromdámh Guaire, ná: Dallán Forgaill, file agus Ollamh Éireann; Seanchán Torphéist; agus Guaire Aidhne mac Colmáin rí neamhaortha. Feictear i dteannta sin: Aodh Fionn, rí Bhréifne; Aodh mac Duach, rí Oiriall; Marbhán deartháir Ghuaire, a mhuicí agus prophet of heaven and earth; agus Fearghas mac Róigh.

Bás Dalláin cuir in eagar

Tá an bheirt Aodh in iomaíocht le chéile. Santaíonn Aodh Fionn sciath ollchumhacht Aodha mhic Dhuach, da réir sin iarann sé ar Dhallán é a éileamh uaidh mar íocaíocht ar dán. Tairgeann Aodh mac Duach saibhreas de gach cineál do Dhallán ach ní mór dó a sciath a thabhairt ar láimh. Thriail Dallán ach sin a raibh ar a shon aige agus dá sin cumann sé aoir ar Aodh. Ar a shlí abhaile, Éirinn sé tinn agus éadan sé, óir go raibh an rí go héagórach aortha aige.

Seanchán agus Guaire neamhaortha cuir in eagar

Toghtar Seanchán ina Ollamh agus socraíonn sé cuairt a thabhairt ar Ghuaire Aidhne neamhaortha lena chomh-fhilí. Tá fonn ar Ghuaire a dhea-cháil a chosaint, agus cuireann sé fearadh na fáilte rompu. De réir a chéile ámh, téann éilimh na bhfilí i méad sa chaoi nach shásófaí iad. Agus a mhisneach caillte aige, guíonn Guaire go maraítear é. Tugann Marbhán áfach cuidiú leis chun a a chuid tascanna uile a chur i gcrích.

Ag aoradh na n-ainmhithe cuir in eagar

Agus Seanchán míshásta le linn féile oíche amháin, éiríonn sé corrach agus glórach agus cumann sé aoir ar na luchóga agus ansin ar na cait. Airíonn an príomhchat, Iorasán (Irusán) faoi seo agus thagann chuid teach Sheancháin chun ionsaí a dhéanamh air. Canann Seanchán dán molta, ach bhí sé ró dhéanach. I ndeireadh na dála, ámh, ní mharaíonn Iorasán Seanchán agus mar sin ní chumtar Guaire.

Táin Bó Cúailnge cuir in eagar

Lá amháin níos deireanaí, socraíonn Marbhán díoltas a bhaint as na filí ar son a ndrochiompair agus mí-úsáid cumhachta. Éilíonn sé siamsa uathu, agus b'éigean dóibh géilleadh óir gur gaol le gariníon fhile é. Iarrann sé orthu Táin Bó Cúailnge a aithris. Níl an scéal ar eolas acu ámh. Cuireann Marbhán mallacht orthu nára lige siad a scíth faoin díon céanna dhá oíche as a chéile go dtí go raibh ar a gcumas an Táin Bó úd a aithris.

Téann na filí ag taisteal ar fud na hÉireann agus na hAlban le bliain anuas ag lorg an scéil. Ar deireadh, deirtear leo nach raibh an scéal ar eolas ach ag Fearghas mac Róigh nach maireann ar ndóigh. Gairtear air óna uaigh, insíonn sé an scéal agus scríobhann na filí síos é. Ball beag i ndiaidh sin, insíonn na filí an Táin do Mharbhán agus cuireadh deireadh leis an mallacht.

Ní thugann Marbhán ach coinníollach ansin dóibh, agus é sin go ndíobhfaí cumann na bhfilí gairmiúla agus go bhfillfeadh gach file abhaile ina aonar. Tugann siar uile a mionn agus as sin amach, de réir an scéil, níor oibrigh na filí le chéile go deo.

Sainiúlacht cuir in eagar

Saothar uathúil atá ann ar cúpla cúis.

Ní raibh an t-údar ina bhall d'aicme na bhFilí.[7] Mar thoradh, níor scríobhadh an scéal i dteanga chlasaiceach na bhFilí, ach sa teanga a bhí i mbéil na ndaoine ag an am.[8] Rud neamhghnách é freisin go bhfeictear file féin mar phríomhphearsa sa scéal.

Feictear, ar deireadh, tomhas amháin ar a laghad sa téacs,[9] rud na bainise ach go hannamh i litríocht Ghaeilge na meánaoise.[10] Nuair a thagann Marbhán chun a dhíoltar a bhaint as na filí, cuireadh roinnt ceisteanna dó um a eagna a scrúdú, an tomhas a leanas ina measc: crét in maith fuair duine a talum & nach fuair Dia? a shaith do thigherna.[11][12]

Foinsí cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Tromdámh Guaire, Maud Joynt
  2. Tromdhámh Ghuaire, Maud Joynt (eag.), CELT
  3. Ó Béarra
  4. Ó Béarra
  5. Ó Béarra, lch. 418
  6. Tromdámh Guaire, CODECS
  7. Ó Coileáin, Seán, “The making of Tromdám Guaire”, Ériu 28 (1977): ll. 32–70.
  8. Ó Béarra lecture
  9. Christine Goldberg, Turandot's Sisters: A Study of the Folktale AT 851, Garland Folklore Library, 7 (Nua-Eabhrac: Garland, 1993), lch. 37.
  10. Patrick Sims-Williams, Irish Influence on Medieval Welsh Literature (Oxford: Oxford University Press, 2010), ll. 114–15.
  11. Tromdámh Guaire, CELT, ll. 27-28, 875] - 885]
  12. Christine Goldberg, Turandot's Sisters: A Study of the Folktale AT 851, Garland Folklore Library, 7 (Nua-Eabhrac York: Garland, 1993), lch. 37.