Leabhar Leasa Mhóir

Lámhscríbhinn Ghaelach na meánaoise is ea Leabhar Leasa Mhóir. Thug Dennis O'Flynn, staraí as Corcaigh, an t-ainm úd dó, tar éis dá tabhairt di sa bhliain.[1] Sa bhliain 1855, chuir Eugene O'Curry an milleán ar O'Flynn óir gur scar sé an leabhar as a chéile agus dhíol sé iad astu féin le bailitheoirí.[2]

WD Bosca Sonraí LeabharLeabhar Leasa Mhóir
Cineállámhscríbhinn
Teangaan Ghaeilge
Sonraí an tsaothair
Príomhábharhistory of ancient Israel and Judah (en) Aistrigh, beathaisnéis, scéilín, filíocht, Séarlas Mór, Lombards (en) Aistrigh, Marco Polo, Diarmaid mac Cearbhaill, Cellachán Caisil, Tromdhámh Ghuaire, Agallamh Bheag agus Agallamh na Seanórach

Cur síosCuir in Eagar

Is lámhscríbhinn phárpháipéir é Leabhar Leasa Mhóir,[3] le tomhas 37cm x 25.5cm. Leabhar Mhic Chárthaigh Riabhaigh an t-ainm ar dtús a bhí air.

 
Caisleán Leasa Mhóir, Contae Phort Láirge, Éire, air a d'aimsigh Leabhar Leasa Mhóir, i bhfolach raibh thiar de bhalla sa bhliain 1814.[1]

TiomsúCuir in Eagar

Coimisiúnaíodh leabhar ag Finghín Mac Cárthaigh Riabhaigh agus a bhean chéile Lady Catherine, iníon Thomas FitzGerald, 7ú Iarla Dheasumhan, agus dá bharr a ainm eile. Tiomsaíodh an lámhscríbhinn sa luath 15ú haois (1408-11), bunaithe ar Leabhar Mainistir Bhuithe atá caillte, chomh maith le lámhscríbhinní eile. Scríobhadh tuairim is nócha fán gcéad den saothar ag scríobhaí anaithnid amháin. Scríobh Aonghas Ó Callanáin (fl. 15ú haois), de chlann áitiúil leighis, tuairim is dhá fhóilió déag. Cuireadh lámha anaithnide eile roinnt míreanna gearra isteach. Luath-NuaGhaeilge is ea teanga an tsaothair.

ÁbharCuir in Eagar

Faightear beathaí na naomh sa saothar, go háirithe Naomh Bríd, Naomh Pádraig, agus Naomh Colm Cille. Tá ann freisin Agallamh na Seanórach, scéal oll-tábhachtach na Fiannaíochta as Meán-Ghaeilge a théann siar go dtí an 12ú haois. Tá ann chomh maith Leabhar Ser Marco Polo, aistriúchán Gaeilge den leabhar le Marco Polo, Il Milione.

Iar-1814Cuir in Eagar

Cailleadh roinnt leathanach as an leabhar go gairid tar éis dó a aimsiú, i bhfolach taobh thiar de bhalla i gCaisleán Leasa Mhóir sa bhliain 1814, ach creidtear go gcaomhnaítear iad in altanna léannta scríofa sa 19ú haois.

Tá leagan digiteach de Leabhar Leasa Mhóir le fáil, le cur síos le Pádraig Ó Macháin, ar ISOS.

TéacsannaCuir in Eagar

Téacsanna naomhsheanchais

Prós

Aistriúcháin ón Laidin

FoinsíCuir in Eagar

Tuilleadh le léamhCuir in Eagar

  • Breatnach, Caoimhín. "Lismore, Book of." In Medieval Ireland: An Encyclopedia, eag. Seán Duffy. Nua-Eabhrac agus Londain: Routledge, 2005, ll. 270–80.
  • Macalister, R.A.S. The Book of Lismore. Facsimile with introduction. Baile Átha Cliath: Irish Manuscripts Commission, 1950.
  • Ó Cuív, Brian (1983). "Observations on the Book of Lismore". Proceedings of the Royal Irish Academy 83C: 269–292. JSTOR 25506104. 
  • Ó Murchadha, Family Names of County Cork. Corcaigh: The Collins Press. 2a eagrán, 1996, lch. 54

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. 1.0 1.1 O'Curry, 1861, lch. 196.
  2. O'Curry, 1861, lch. 199.
  3. Ná measctar leis an saothar Book of the Dean of Lismore, lámhscríbhinn Albanach den 16ú haois.
  4. Betha Shenáin meic Geirginn, G201001 ar CELT, CnOC
  5. Echtra Loegairi meic Crimthainn, Book of Lismore at TLH, CnOBÁC
  6. Thesaurus Linguae Hibernicae
  7. tromdám, buíon mór (bard), ar eDIL