Is cnuasach scéalta na Fiannaíochta é Agallamh Beag (Sean-Ghaeilge Acallam Bec), caomhnaithe sa Leabhar Leasa Mhóir den 15ú haois agus an Lámhscríbhinn Reeves. Tá gaol gar aige le Agallamh na Seanórach, a mheastar scaití gur athleagan níos deireanaí dó siúd é.[1] Mar a mhalairt ar an Seanórach, is é Oisín laoch an scéil, in ionad Chaoilte mhic Rónáin. Mhol Dubhghlas de hÍde gurb fhéidir go gcaomhnaíonn an téacs tús na Senórach atá caillte.[2]

Fo-fhoinsí

cuir in eagar
  1. Murphy, The Ossianic Lore and Romantic Tales of Medieval Ireland, lch. 26.
  2. Hyde, "The Reeves Manuscript of the Agallamh na Senorach."