Ceannaí agus taiscéalaí Véinéiseach ab ea Marco Polo (1254 - 9 Eanáir 1324), a thaistil i dteannta a athar is a uncail ó chathair na Véiníse go Beijing na Síne sa bhliain 1271, ar thug sé Chatai uirthi.[1] Ba dhuine dena chéad daoine ón Iarthar é a thug cuntas ar an dtír úd. Scríobh sé cuntas dá thuras sa leabhar Il Milione.

Marco Polo.


SaolCuir in Eagar

Rugadh Marco Polo sa Véinís sa mbliain 1254. Ceannaithe Veiníseacha ab ea a athair agus a uncail, go raibh suíomhanna trádala acu timpeall an Mheánmhara. An bhliain sara rugadh Marco, bhí a athair, Niccolò Polo, agus a uncail, Matteo Polo, imithe go Constantinopuil mar a raibh tithe acu óna mbídís ag trádáil le ceannaithe na Mara Duibhe agus an Oirthir. D’imíodor uaidh sin soir nó gur shroicheadar cúirt Cúbla Cán sa mbliain 1266, agus iarradh orthu filleadh ar an an Róimh le teachtaireacht ó Chúbla Cán don bPápa. Sa mbliain 1269 bhí Niccolò agus Matteo thar n-ais sa Véinís, agus bhí Marco Polo cúig bliana déag.

B‘éigean dosna deartháracha Polo fanacht trí bliana sarar fhéadadar leitir Cúbla Cán a thabhairt don bPápa, toisc an Róimh a bheith gan pápa idir 1268 agus 1271, ach nuair a toghadh Pápa Gréagóir X sa mbliain 1271 agus nuair a léigh leitir Cúbla Cán, beartaíodh go gceadófaí do bheirt mhisinéirí Doiminiceacha, Nicolau de Vincense agus Guilielme de Tripule, dul i dteannta na ndearthár go dtí cúirt Chúbla Cán. Agus é seacht mbliana déag um an dtacaidh sin, thug Niccolò Polo a mhac óg Marco leis ar an dtarna turas soir seo.

Chaith Marco Polo ceithre bliana fhichead (idir 1271-1295) san Oirthear, ag taisteal trí impireacht na Mongóile is é ag obair mar fheisire ar son Cúbla Cán. Is beag cúntas atá againn ar a chuid imeachtaí ó bhliain go bliain áfach, mar ná fuil ina leabhar ach tuarascálacha geografacha agus eitneografacha ar na tíortha gur thaisteal sé tríothu agus gur chualaidh sé trácht orthu. Sa mbliain 1291, thug Cúbla Cán cead dosna Pólaigh éirí as a sheirbhís agus filleadh ar an Eoraip.

Nuair a d’fhill Marco agus na deartháracha Polo ar sn Iodáil sa mbliain 1295, bhí cogadh tosnaithe idir an Véinís agus Genova, an dá phoblacht mara is cumhachtaí san Iodáil ag deireadh an tríú céad déag. Níl a fhios go díreach conas nó cathain a gabhadh Marco Polo, ach is dóichíde gur ghaibh na Genovéisigh é sa bhliain 1296, le linn imruagaithe ar longa Véiníseacha ar chósta na hAnatóile nó tar éis dóibh buachaint ar loingeas Véiníseach i gCath Curzola. Chuireadar Marco i bpriosún Genova agus d’fhan sé ann nó gur fuasclaíodh é sa mbliain 1299, agus ligeadh do filleadh abhaile ar an Véinís. De réir tuairisce a faightear i ndíonbhrollach an Eachtra, dheachtaigh Marco Polo cúntas dá thuras do Rustichello da Pisa, scéalaí Ártúraíochta, le linn dóibh a bheith in aonchillín lena chéile i bpriosún Genova.

Le quell puis, demorant en la charchre de Jene, fist retraire toutes cestes chouses a messier Rustaciaus de Pise, que en celle meissme charter estoit, au tens qui’l avoit .MCCXCVII. anç que Jeçucrit nesqui.[2]

Agus b’é an fear céanna, le linn do a bheith i bpriosún Genova, a dheachtaigh gach rud anseo don uasal Rustaciaus de Pise, a bhí in aonchillín leis. Agus ba é bliain an tighearna an t-am san MCCXCVII.

D’fhill Marco Polo abhaile ar an Véinís sa mbliain 1299 mar ar chaith sé an chuid eile dá shaol, nó go bhfuair sé bás ar an 9ú lá d’Eanáir 1324.[3]

TagairtíCuir in Eagar

  1. Larner, J., (New Haven, CT, and London 1999). "Marco Polo and the Discovery of the World". 
  2. "Marco Polo digitale | Dei Viaggi di Messer Marco Polo, Gentilhuomo Venetiano (Giovanni Battista Ramusio, Navigationi et Viaggi, II, 1559): Edizione digitale". virgo.unive.it. Dáta rochtana: 2019-03-06.
  3. Consuelo Dutschke (1993). "Francesco Pipino and the Manuscripts of Marco Polo’s Travel (Unpublished PhD Thesis)". 
 
Marco Polo agus Kublai Khan. Mionsamhail ó Il Milione