Lughaidh mac Laoghaire

rí Éireannach

Ard-Rí na hÉireann agus gar mhac Níall Noígíallach ab ea Lugaid mac Lóegairi (bás c. 507).

Infotaula de personaLughaidh mac Laoghaire
Beathaisnéis
Breith5 haois
Bás507 (Féilire Ghréagóra)
Siocair bháisBás tionóisceach (Buille tintrí)
Ardrí na hÉireann
483 – 507
← Ailill MoltMuircheartach mac Muireadaigh → Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
AthairLóegaire mac Néill

Ar dhuine den bheirt mhac déag a bhí ag Laoghaire mac Néill agus a bhean chéile, Angias, iníon Ailill Tassach de chlann Uí Liatháin.[1] i gcomparáid lena athair, a fhiectear go suntasach i naomhscéalta to his father, who features prominently in hagiographies of Naoimh Phádraig, is mionphearsa é Lughaidh.

Insítear sa saothar déanach Vita tripartita Sancti Patricii, gur chuir Pádraig mallacht ar shleachta Laoghaire, nára ceapa iad ina n Ard-Ríthe. D'impigh a mháthair an Naomh um an mallacht a bhaint dá mac sa bhroinn. Rinne sé he did, supposedly saying: "Go gcuirfidh sé i mo choinne he opposes me, ní cuirfidh mé mallacht air."[2]

De réir an liosta is luaite, 'sé sin Buile Choinn Chéadchathaigh, tiomsaithe le linn réimse in the reign of Fínsneachta Fleadaigh (bás c. 695), bhí Lughaidh ina rí i ndiaidh Ailealla Mhoilt.[3][4] I roinnt annála níos deireanaí, insítear graibh sé ina bhall de chomhaontacht a chloígh agus a mharaigh Ailill, ach ní fhaightear nsa hannála is údarásaí, Annála Uladh, ach tuairisc a bháis sa bhliain 507, b'fhéidir ag Cath Aird Chorainn.[5] Ní dóigh fur féidir fáth easpa a eachtraí sna hannála a mhiniú, agus a chomhrádaí Cairbre mac Néill agus Muircheartach mac Earca go minic ann.[4]

De réir Vita tripartita, maraíodh Lughaidh de splanc thoirní ó neamh, tar éis dó magadh a dhéanamh faoi Phádraig, ag áit ar a glaodh níos deireanaí Achad Forchai (machaire tintrí). Cé nach fíor é an nasc seo leis an naomh, ceaptear go gcaomhnaíonn an scéal seo cuimhne éigin ar bhás Lughaí, ina chreidtear gur maraíodh é, maraon lena athair agus roinnt luath-ríthe eile, ar slí osnádúrtha.[6] Sna Annála na gCeithre Máistrí faightear an rann seo a leanas faoi:

Meán-Ghaeilge NuaGhaeilge

A n-Achadh Farcha ughrach,
bás mhic Laogaire Lughach,
Gan molbhtha tall na sonn
de do forcha[7] trom teinntighe[8]

Ag Achadh Farcha trodach,
bás mhic Laoghaire, Lughaidh,
Gan moladh thall nó sonn,
de splanc throm thintrí teinte[9]

De réir liostaí na ríthe, tháinig Muircheartach mac Earca i gcomharbacht ar Lughaidh.[3]

  1. Stokes I, lch. 47; II, lch. 557
  2. Irwin; Stokes, I, lch. 61 & II, lch. 465.
  3. 3.0 3.1 Byrne, ll. 276–277; Charles-Edwards, lch. 484, table 12.1; Irwin.
  4. 4.0 4.1 Irwin; Charles-Edwards, caibidil 11.
  5. Irwin; Annála Uladh, AU 507.1; tá taifead ar dara cath Ard Corainn sa bhliain 626, ach ní aithnítear an áit.
  6. Byrne, lch. 103; Irwin; Stokes, I, lch. 61.
  7. forcha (b), caor tine, saighneán, splanc thintrí, ar eDIL
  8. Annála na gCeithre Máistrí, AFM 503.1
  9. teinn, Lit., gearr, cnag, ar teanglann.ie


Réamhtheachtaí
Ailill Molt
Ard-Rí na hÉireann
479-503
Comharba
Muirchertach mac Ecrae