Laoghaire mac Néill

rí Éireannach

Ard-Rí na hÉireann ab ea Laoghaire (Sean-Ghaeilge Lóegaire ) mac Néill, i réim 428–458 AD. Luaitear é in Annála na gCeithre Máistrí, na Annála na hÉireann agus liostaí na ríthe eile.

Infotaula de personaLaoghaire mac Néill
Beathaisnéis
Bás463
Ardrí na hÉireann

← Nath Í mac FiachrachCoirpre mac Néill → Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
TeaghlachUí Néill Cuir in eagar ar Wikidata
CéileAngias Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteLughaidh mac Laoghaire, Eithne, Feidhealm Ruadh Cuir in eagar ar Wikidata
AthairNiall Noígíallach
SiblínEoghan mac Néill agus Coirpre mac Néill

Is céile chomhraic Naomh Pádraig é i roinnt naomhseanchas. Chreidtí gurbh iad a eachtraí in aghaidh an naoimh, fáth mhiontábhacht a shleachta in amanna ina dhiaidh sin.

Tá roinnt leaganacha faoina bhás, ina bhfuil ábhair osnádúrtha i ngach ceann acu, agus cogaidh in éadan na Laighean i roinnt dóibh.

Ard Rí Lóegaire, fuinneog dhaite i Músaem Mhuirí Náisiúnta na hÉireann

Annála cuir in eagar

Is amhrasach é croineolaíochtaí na nAnnála, óir gur scríobhadh é go siarghabhálach sa 9ú haois, um dátaí sa bheathaisnéisí le Muirchú moccu Mactheni agus Tirechán, naomhseanchaithe is luaite Phádraig, a thabhairt le chéile. De réir na beirte, tháinig Pádraig go hÉirinn i rith réim Laoghaire agus bhuail sé leis. Tá dhá dhátaí ann sna hAnnála do bhás Phádraig, 461 agus 493, agus thángthas réim Laoghaire lena gcéile, de ghnáth an dáta níos luaite. Dá mba rud é gur tógadh an dáta níos deireanaí, Lughaidh mac Laoghaire ab ea an céile chomhraic.[1]

Cé go bhfuil muintir Uí Néill ceangailte le hoirthear lár na tíre, deisceart Uladh agus tuaisceart Laighean,[2] tugann Tireachán le fios gurbh é Cúige Connacht lárionad chumhacht Laoghaire. Insítear gur bhuail Pádraig lena iníonacha gar do Ráth Cruachan.[3]

De réir luarhliosta na Ríthe,[4] tháinig Laoghaire i gcomharbacht ar Niall, dara mac Néill Cairbre mac Néill ar Laoghaire, Ailill Molt ar Chairbre (ar an mbeagán ríthe nach raibh de shliocht Néill) agus Lughaidh ar Ailill. Ns liostaí níos deireanaí, tagann Nath Í mar rí idir Niall agus Laoghaire, agus fágtar Cairbre ar lár.[5]

I bhfianaise na bhfadhbanna seo leis na hAnnála, is míchruinn é dátaithe réim Laoghaire, ach meastar gurb é sa dara leat den 5ú haois é, ca. 450 go dtí na 480í.[6]

Naomh Pádraig cuir in eagar

Sa bheathaisnéis ar Phádraig le Muirchú moccu Mactheni den 7ú haois, deirtear gur "rí mór, fiánta agus págánach, impire na mbarbarach" é Laoghaire. Tar éis roinnt iarrachtaí ag Lóegaire agus eile Pádraig a mharú, thug an naomh rabhadh do Laoghaire gur ghá dó an creideamh a ghlacadh nó bás d'fháil. I ndiaidh dó comhairle a iarraidh dá mhuintir, ghéill sé agus baisteadh é.[7]

Sa bheathaisnéis éinne ag Phádraig le Tírechán, deirtear go mbíodh Laoghaire fós ina phágánach in ainneoin míorúiltí Naomh Pádraig. Dúirt Laoghaire nach ligfeadh a athair dó tiontú. "Ina ionad, go gcuire mé i gcréfort na Teamhrach, mise mac Néill, in aice le mac Dúnlaing in Mullach Maistean". Deir Tírechán ámh gur thiontaigh Pádraig beirt iníonacha Laoghaire, Eithne Fionn agus Fedelm Rua.[8]

Sa Vita tripartita Sancti (Tripartite Beathaisnéis Trípháirteach Naomh Pádraig), déantar cur síos ar Laoghaire éigin a bhíodh i mbun comhcheilge chun Pádraig a mharú. Insítear gur ghuí Pádraig a lúireach chun é féin a chosaint.[9] Ní tiontaíodh Laoghaire, agus adhlacadh é i múir na Teamhrach de réir achainí a athar.[10]

I Leabhar na hUidhre, tá leagan eile de thiontú agus bás Laoghaire.[11]

Bóraimhe Laighean cuir in eagar

Tá roinnt cuir síos Meán-Ghaeilge ar an mBóraimhe Laighean. Tá a bhunúis le fáil sa scéal Tuathal Techtmar ocus Ríge na hÉrenn, cuid de shíneadh Leabhar Gabhála na hÉireann, agus in Agallamh na Seanórach. Tá siad suite i ré réamhstairiúil Tuathail Teachtmhair, a bhrúigh ríomh (cíos) de 5,000 (15,000 de réir leaganacha eile) bó ar rí na Laighean mar éiric i mbás a iníonacha. Bhailigh na ríthe i gcomharbacht ar Thuathal an bóraimhe go dtí gur theip ar iarracht Chairbre Lifecharach, cloíte ag Fionn mac Cumhaill agus na Fianna.[12]

Níor éirigh le Laoghaire ach an oiread an bóraimhe a ghearradh. Chloígh Crimthann mac Énnai, sinsear chlainne Uí Cheinnselaig, é gar don Bhearú. Tógadh Laoghaire agus cuireadh iachall air a mhionnú gan na Laighin a ionsú. Rinne sé amhlaidh, ag mionn ar an ngréin agus an ngealaigh, ar an ndomhan agus muir, ar an lá agus an oíche, ar an uisce agus an aer. De réir leagan amháin dá bhás, insítear gur bhris sé am mionn seo.[13] Is dócha gur breiseáin níos deireanaí é an nasc le clann Uí Cheinnsealaigh, toisc go deireann foinsí eile gur shliocht de chlann aduaine Uí Garrchon, cuid den Dál Messin Corb, é rí na Laighean a bhí i réim sa Nás i ré Phádraig.[14]

Bás cuir in eagar

Tá roinnt leaganacha ar fáil de bhás Laoghaire.

Ar tóir an Bhóramha, bhris sé a mhionn gan cúige Laighean a ionsú. Ar mhaigh na Life gar do Chill Dara, mharaigh fórsaí an dúlra é ar a mboinn sé: d'fhág an ghaoth a scamhóga, dóigh an ghrian é, agus thóg an domhain é faoi.

I leagan eile, thuar draoithe Laoghaire go bhfaigheadh sé bád idir Ériu agus Alba. Ní dheachaigh Lóegaire ar muir chun é seo a chosc. Fuair sé bás áfach idir dhá chnoc ar mhaigh na Life, darb ainm Ére agus Alba.

Ar deireadh, deirtear gur chuir naomh Pádraig mallacht ar is said that Laoghaire agus d'éag sé dá bharr.[15]

Cenél Lóegairi cuir in eagar

De réir Tiréachain, bhí beirt iníonacha ag Laoghaire, Eithne Fionn agus Fedelm Rua.[8] Tá Lughaidh mac Laoghaire le feiceáil i ngach liosta na Ríthe. Insítear sa Leabhar Breac gur chuir Pádraig mallacht ar mhuintir Laoghaire, nára dtaga siad i gcoróin i dTeamhraigh. Bhí banríon Laoghaire, Angias iníon Ailealla Tassaigh de chlann Uí Liatháin,[16][17] torrach le Lughaidh ag an am, agus d'impigh sí that her unborn child should be spared the curse. this was granted in part so that Lugaid could later become king.[18] I dteannta le Angias i measc a bhan chéile bhí Muireacht iníon Eochada Muinremair, a deirtear gur sheanathair Fhearghasa Mhóir é.[6] Feidlimid ab ainm de mhac eile dá chuid.[19]

Dream sách tánaisteach i lár na tíre an ea Cenél Lóegairi in amanna stairiúla. Bhí siad faoi ghéillsine chlainne Síl nÁedo Sláine, Ríthe Breagha. Bhí a dtailte suite idir An Bhóinn agus Abha Dhubh na Mí, lena bpríomheaglais i mBaile Átha Troim (i gContae na Mí an lae inniu).[20] Bhí dream eile dá chuid, Muintir Talthlaigh, ina thaoisigh mhuintir Uí Laoghaire de Loch Lr, i mbarútacht Lorg, ó thuaidh Loch Éirne, Contae Fhear Manach.

Foinsí cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hughes. Maidir le Lóegaire, Lughaidh agus Patrick, féach Charles-Edwards, caibidil 11, go háirithe ll. 463–464.
  2. Byrne, caibidil 5; Charles-Edwards, caibidil 11.
  3. Irwin; do chur síos Tireacháin ar iníonacha Laoghaire, féach De Paor, ll. 163–165.
  4. the earliest of which is dated on internal evidence to the reign of Fínsnechta Fledach (died 697)
  5. Do na liostaí, féach Byrne, ll. 274–277.
  6. 6.0 6.1 Irwin.
  7. Muirchú's life is in de Paor, ll. 175–197, quotation at lch. 179.
  8. 8.0 8.1 Tírechán's life is in de Paor, ll. 154–174, quotation after lch. 156.
  9. Stokes, I, ll. 47–53.
  10. Stokes, I, lch. 75.
  11. Stokes, II, ll. 562–567.
  12. Wiley, "Bóroma"; MacKillop, "Bórama", "Tuathal Techtmar".
  13. Wiley, "Bóroma"; Byrne, ll. 83 & 145; Irwin.
  14. Ó Cróinín, lch. 52.
  15. Irwin; Wiley, "Bóroma" & "Comthoth Lóegairi co cretim 7 a aided"; in Stokes, II, lch. 567; MacKillop, "Lóegaire mac Néill"; Byrne, ll. 83 & 103.
  16. Stokes I, lch. 47; Stokes II, lch. 557
  17. Rawlinson B 502, eag. Ó Corráin 1997, ll. 206, 225
  18. Leabhar Breac, Aitheasc in Stokes, II, ll. 428–489 at lch. 465.
  19. Stokes, I, lch. 66.
  20. Byrne, ll. 87 & 89; Charles-Edwards, ll. 16, map 1, 19 & 275.


Réamhtheachtaí
Nath Í
Ard-Rí na hÉireann
FFÉ 418-448
ACM 428-458
Comharba
Ailill Molt