Banseanchas
Is cnuasach na meánaoise é An Banshenchas de dhánta a thugann insintí gearra faoi mhná iomráiteacha le fáil i seanscéalta na nGael.[1]
Murab ionann is cuid mhór de luathlitríocht na Gaeilge, is féidir An Banshenchas a lua le húdar agus dáta ar leith. Deir an réamhrá gur chum Gilla Mo Dutu Úa Caiside, as Ard Brecáin i gContae na Mí, an saothar i 1147.
ÁbhairCuir in Eagar
Tá bunús stairiúil ag an An mBanshenchas, agus tosaíonn sé le hÉabha agus mná eile an tSean-Tiomna, leanann le mná seanscéalach i Miotaseolaíocht na nGael anáil is Éadaoin and Eimhear, agus críochnaíonn le pearsana sách stairiúla, ina measc roinnt mná de ríshliocht Gael-Lochlannach.
Is gearr iad na dánta, cúpla líne ar a mhéad. Seo sampla maidir le roinnt luathphearsana bíobalta:
Meán-Ghaeilge[2] | Nua-Ghaeilge[3] |
---|---|
Adam. Seth. Sili caid[4] Cain. |
Adám, Séat, Sili cáidh[5]agus Cáin |
Agus sampla eile maidir le roinnt ban seanscéalacha na hÉireann:
Meán-Ghaeilge[7] | Nua-Ghaeilge[3] |
---|---|
Ben Echach Aireman Étain. |
Bean Eochada Airemhan Éadaoin |
Tá eolas ar chuid de na scéalta a bhuí le foinsí eile, amhail is an Leabhar Gheineasas, Tochmharc Éadaoine, agus foinsí eile gan iomrá. Tá roinnt phearsana ann sa Bhanseanchas nach bhfuil inniu ach ainmneacha a thugann le fios go raibh scéalta anois fadchaillte ann, ach a bhí ar eolas ag an Caisideach agus a chomhaoiseacha.
LámhscríbhinníCuir in Eagar
Tá An Banseanchas le fáil sa Leabhar Laighneach, Leabhar Uí Mháine, Leabhar Mór Leacáin agus lámhscríbhinní eile (cf. Dobbs). Maraon le dánta an dinnseanchais, tá dánta an banseanchais in éineacht le tráchtas próis, is dócha scríofa beagán níos faide anonn.
FoinsíCuir in Eagar
- Muireann Ní Bhrolcháin, "The Manuscript Tradition of the Banshenchas." Ériu. Vol. XXXIII (1982).
- The "Banshenchas" the Ui Neill queens of Tara, Anne Connon, in Seanchas:Studies in Early and Medieval Irish Archaeology, History and Literature in Honour of Francis John Byrne, eag. Alfred P. Smyth, ll. 98–108, Four Courts Press, Baile Átha Cliath, 2000
- A Prosopography of the Early Queens of Tara, Anne Connon, in The Kingship and Landscape of Tara, eag. Edel Bhreathnach, ll. 225–360, Four Courts Press, Baile Átha Cliath, 2005
- Banshenchas ar maryjones.us
- The Ban-Shenchus le Maragert E. Dobbs, Cuid I, Cuid II, Innéacs
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ Is gaoil iad na focail seanchas agus seanchaí.
- ↑ Banseanchas, sa Leabhar Laighneach, ll. 533-534, ar CELT
- ↑ 3.0 3.1 Á aistriú sách focal ar fhocal, go liteartha agus go litriúil, ón Mheán-Ghaeilge ag Marcas
- ↑ [dil.ie/7682 1 cáid] ar eDIL
- ↑ Lit. ar teanglann.ie FGB
- ↑ sola, mana maith, ar teanglann.ie
- ↑ Banseanchas, sa Leabhar Laighneach, lch. 539, ar CELT
- ↑ ord2
- ↑ cion3
- ↑ corbadh